jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2kt7mdkv
Irish woman arrested for murder to be extradited.
Bean as Éirinn a gabhadh faoi dhúnmharú le heiseachadadh.
A woman from Dublin who is being held by the authorities in South Africa has indicated that she will not oppose her extradition to Ireland.
Tá sé tugtha le fios ag bean as Baile Átha Cliath atá á coinneáil ag na húdaráis san Afraic Theas nach gcuirfidh sí in aghaidh a heiseachadta go hÉirinn.
Ruth Lawrence, who is 42 years old, was arrested in the city of Bloemfontein last week pursuant to an international arrest warrant.
Gabhadh Ruth Lawrence, atá 42 bliain d'aois, i gcathair Bloemfontein an tseachtain seo caite de bhun barántais ghabhála idirnáisiúnta.
The Gardai want to question her about the murder of two men from Dublin in Co Meath eight and a half years ago.
Tá na Gardaí ag iarraidh í a cheistiú faoi dhúnmharú bheirt fhear as Baile Átha Cliath i gCo na Mí ocht mbliana go leith ó shin.
The bodies of the pair - Eoin O'Connor and Anthony Keegan - were found wrapped in plastic sheets around them on Inse Cop in Loch Sileann, Co Meath, in April 2014.
Fuarthas coirp na beirte - Eoin O'Connor agus Anthony Keegan - agus leatháin phlaisteacha casta timpeall orthu ar Inse Cop i Loch Síleann, Co na Mí, i mí Aibreáin 2014.
It is believed that the two went together to the area, where they were to meet someone.
Creidtear go ndeachaigh an bheirt le chéile chun an cheantair, mar a raibh siad le bualadh le duine nó dream éigin.
However, their families contacted the Gardaí when they did not hear from them after that.
Chuir a dteaghlaigh fios ar na Gardaí, áfach, nuair nach bhfuair siad aon scéal uathu ina dhiaidh sin.
It is understood that Ruth Lawrence went to South Africa soon after with her partner Neville van der Westhuizen.
Tuigtear go ndeachaigh Ruth Lawrence chun na hAfaice Theas go luath ina dhiaidh sin in éindí lena páirtí Neville van der Westhuizen.
The Gardaí are also trying to question him about the murders of Eoin O'Connor and Anthony Keegan but he is serving a life sentence in South Africa for another murder.
Tá na Gardaí ag iarraidh eisean a cheistiú chomh maith faoi dhúnmharú Eoin O'Connor agus Anthony Keegan ach tá téarma príosúin saoil á chur isteach aige san Afraic Theas faoi dhúnmharú eile.