jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2ermydu3
Allegations of an assault on a child at a GAA match being investigated.
Líomhaintí faoi ionsaí ar pháiste ag cluiche CLG á bhfiosrú.
Gardaí are investigating allegations of an alleged attack on a child during a game under 9 Gaelic Athletic Association in Co Tipperary.
Tá líomhaintí faoi ionsaí a deirtear a rinneadh ar pháiste le linn cluiche faoi 9 Chumann Lúthchleas Gael i gCo Thiobraid Árann á bhfiosrú ag na Gardaí.
Munster Council, GAA are also investigating the matter.
Tá Comhairle na Mumhan, CLG ag fiosrú an scéil freisin.
It is understood that the child was injured when a man went on the playing field.
Tuigtear gur gortaíodh an leanbh nuair a chuaigh fear ar an bpáirc imeartha.
The incident happened during a blitz competition that was held in MacMurris Park near Semple Stadium in Thurles last Saturday morning.
Tharla an eachtra le linn blitzchomórtais a bhí ar siúl i bPáirc Mhic Mhuiris in aice le Staid Semple i nDurlas ar maidin Dé Sathairn seo caite.
The spokesperson for Munster Council said that a report is awaited from those who organized the blitz competition.
Dúirt urlabhraí Chomhairle na Mumhan go bhfuiltear ag fanacht le tuairisc ón dream a d'eagraigh an blitzchomórtas.
The cause of concern in the Gaelic Athletic Association at the moment is the number of clashes at Gaelic games in different parts of the country over the past three months.
Údar imní i gCumann Lúthchleas Gael faoi láthair is ea an líon achrann ag cluichí Gaelacha in áiteanna éagsúla sa tír le trí mhí.
Two GAA mentors in Wexford and another in Roscommon have recently been suspended by the organization due to various incidents.
Tá beirt mheantóirí CLG i Loch Garman agus duine eile i Ros Comáin curtha ar fionraí ag an eagraíocht le gairid de bharr eachtraí éagsúla.