jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/238vrrhl
Great weather promised, five coastal counties will be hit the most.
Aimsir mhór geallta, cúig chontae cósta is mó a bheas buailte.
Met Éireann has issued an orange weather warning for people in the five coastal counties between Kerry and Wicklow.
Tá fógra flannbhuí fearthainne tugtha ag Met Éireann do dhaoine sna cúig contaetha cósta idir Ciarraí agus Cill Mhantáin.
The meteorologists say that it will rain heavily tonight, tomorrow and tomorrow night in those counties.
Deir na meitéareolaithe go mbeidh sé ag cur báistí go fras anocht, amárach agus oíche amárach sna contaetha sin.
Unfortunately, they say, the rattlesnake will leave its mark and many places will be flooded in its wake.
Ar an drochuair, a deir siad, fágfaidh an chlagnarnach a lorg agus beidh go leor áiteanna faoi uisce dá héis.
The troubled times will come in two parts.
Tiocfaidh an aimsir anróiteach ina dhá cuid.
Kerry - at around 9 o'clock tonight - will be the first place to be hit.
Is í Ciarraí - ag thart ar 9 a chlog anocht - an chéad áit a bhuailfear.
The rain will then clear for a while, it will spread north-east to other areas during the night, but more rain will come into the south-west from the Atlantic tomorrow evening.
Glanfaidh an bháisteach ansin ar feadh scaithimh, leathfaidh sí soir ó thuaidh go ceantair eile i gcaitheamh na hoíche, ach tiocfaidh tuilleadh báistí isteach san iardheisceart ón Atlantach tráthnóna amárach.
A yellow rain warning has also been given to people in parts of the center of the country - Carlow, Kilkenny and Tipperary in particular.
Tá fógra buí báistí tugtha chomh maith do dhaoine in áiteanna i lár na tíre - Ceatharlach, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann go háirithe.
That announcement will apply for twenty-four hours from 10 o'clock tonight.
Beidh feidhm leis an bhfógra sin ar feadh ceithre huaire fichead óna 10 chlog anocht.
Another yellow notice has been issued for Leinster as a whole - including Dublin.
Tá fógra buí eile eisithe maidir le Cúige Laighean trí chéile - Baile Átha Cliath san áireamh.
That yellow notice will apply from 4 o'clock tomorrow morning until midnight tomorrow.
Beidh feidhm leis an bhfógra buí sin óna 4 a chlog ar maidin amárach go dtí meán oíche amárach.
The safety organizations are appealing to people to be prudent and not undertake any journey unless necessary.
Tá na heagraíochtaí sábháilteachta ag achainí ar dhaoine a bheith stuama agus gan tabhairt faoi aon aistear mura bhfuil gá leis.