jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/29ka22vs
Order given to keep poultry in the coop.
Ordú tugtha éanlaith chlóis a choinneáil sa chró.
Agriculture Minister Charlie McConalogue has ordered people who keep poultry to put their flocks in a shed from next Monday to prevent the spread of bird flu.
Tá ordú tugtha ag an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue do dhaoine a choinníonn éanlaith chlóis a gcuid ealtan a chur i gcró ón Luan seo chugainn de leisce go leathfadh an fliú éanúil.
The order was issued under Animal Health and Welfare regulations.
Is faoi rialacháin um Shláinte agus Leas Ainmhithe a eisíodh an t-ordú.
Bird flu is already spreading among wild birds in this country and the authorities are afraid that birds in captivity will also catch the disease.
Tá an fliú éanúil ag scaipeadh i measc éan fiáin sa tír seo cheana féin agus tá faitíos ar na húdaráis go dtógfaidh éin i ngéibheann an galar chomh maith.
It was confirmed yesterday that a swan that died in Co Cavan had bird flu.
Dearbhaíodh inné go raibh an fliú éanúil ar eala a fuair bás i gCo an Chabháin.
All poultry keepers are being urged to exercise extreme caution and apply biosecurity measures.
Táthar ag achainí ar gach duine a choinníonn éanlaith chlóis a bheith fíorairdeallach agus beartais bhithshlandála a chur i gcion.
Avian flu was found among flocks of birds in a kennel in north Dublin and Kilmanton last month.
Aimsíodh an fliú éanúil i measc ealtaí éan i ngéibheann i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin an mhí seo caite.
It was the first outbreak of the disease among birds in captivity since last Christmas.
B'in an chéad ráig den ghalar i measc éan i ngéibheann ón Nollaig seo caite.
It has also recently been confirmed that seabirds have the flu in north Dublin.
Deimhníodh le gairid freisin go bhfuil an fliú ar éin mhara i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
In a statement, the Department of Agriculture, Food and Marine indicated that there is no risk to people who consume poultry or other poultry products, but that they should always be cooked properly.
I ráiteas, thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le fios nach bhfuil aon bhaol ann do dhaoine a chaitheann éineoil ná táirgí eile éanlaithe, ach gur chóir i gcónaí iad a chócaráil i gceart.
Only the truly awful case of avian influenza being contracted by humans has ever been reported.
Níor tuairiscíodh riamh go dtí seo ach an fíor-chorrchás den fhliú éanúil a bheith tolgtha ag daonnaithe.
The authorities in England have ordered poultry farmers abroad to keep their birds in cages from Monday as well.
Tá ordú tugtha ag na húdaráis i Sasana do lucht éanlaithe clóis thall a gcuid éan a choinneáil i gcró ón Luan chomh maith.