jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2bzvb32q
One month today is the date of the great tragedy in Craoslach.
Mí sa lá inniu dáta na tragóide móire sa Chraoslach.
It was exactly a month today that the great tragedy occurred that the community of Craoslach in County Donegal and indeed the community of Ireland in general, will not forget for a long time.
Mí díreach sa lá inniu a tharla an tragóid mhór nach ndéanfaidh an pobal sa Chraoslach i gContaeDhún na nGall ná go deimhin pobal na hÉireann i gcoitinne, dearmad air go ceann i bhfad.
Ten people were killed as a result of the explosion in the Applegreen area of the town.
Maraíodh deichniúr de thoradh na pléisce in ionad Applegreen ar an bhaile.
It's another difficult week for the community of Craoslaigh and the commemorative Masses of the month of the people who were killed take place throughout this week.
Seachtain dheacair eile atá inti do phobal an Chraoslaigh agus Aifrinn chuimhneacháin míosa na ndaoine a maraíodh ar siúl i gcaitheamh na seachtaine seo uilig.
The Priest of Croslaigh Father John Joe Duffy said that the community is still suffering and that families who have lost a family member need space and time.
Dúirt Sagart an Chraoslaigh an tAthair, John Joe Duffy go bhfuil an pobal go fóill ag fulaingt agus go bhfuil spás agus am de dhíth ar theaghlaigh a chaill ball clainne.
The road through that town is still closed as inquiries are still ongoing in relation to the horrific incident that happened on Friday 7 October 2022.
Tá an bóthar thríd an bhaile sin fós dúnta mar go bhfuil fiosrúcháin fós ar bun maidir leis an eachtra uafáis a tharla ar an Aoine , an 7Deireadh Fómhair 2022.