jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2l4sm9lt
"Let's look again at the laws relating to certain dogs!".
"Breathnóimis arís ar na dlíthe a bhaineann le madraí áirithe!".
The legislation relating to certain types of dogs must be looked at again, said Taoiseach Micheál Martin.
Ní foláir breathnú arís ar an reachtaíocht a bhaineann le cineálacha áirithe madraí, a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.
The story concerns the vicious attack by a ferocious dog on a nine-year-old boy in Co. Wexford last weekend.
Baineann an scéal leis an ionsaí fíochmhar a rinne madra drochmhianaigh ar bhuachaill naoi mbliana d'aois i gCo Loch Garman an deireadh seachtaine seo caite.
The dog that attacked the boy - Alejandro Mizsan - was a type of bull terrier while he was out playing with his friends in Enniscorthy last Sunday afternoon.
Cineál tarbh-bhrocaire a bhí sa mhadra a thug fogha faoin mbuachaill - Alejandro Mizsan - agus é ag amuigh ag súgradh in éineacht lena chairde in Inis Córthaidh tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.
Fortunately, neighbors managed to pry the dog away from Alejandro but the poor boy was badly injured by then.
Ar ámharaí an tsaoil, d'éirigh le comharsana an madra a shracadh de Alejandro ach bhí an buachaill bocht loite go dona faoin am sin.
Speaking in the Dáil, the Taoiseach said he was thinking of the boy and his family.
Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Taoiseach go raibh sé ag cuimhneamh ar an mbuachaill agus a mhuintir.
He indicated that everyone in Dáil Éireann was shocked - and also angry - because of what had happened.
Thug sé le fios go raibh gach duine i nDáil Éireann suaite - agus feargach freisin - de bharr ar tharla.
He also said that he did not understand why people had dangerous dogs.
Dúirt sé chomh maith nár thuig sé cén fáth a raibh madraí dainséaracha ag daoine.
The laws relating to those dogs must be looked at from the ground up again, he said.
Caithfear breathnú ó bhonn arís ar na dlíthe a bhaineann leis na madraí sin, arsa sé.
Micheál Martin was responding to Deputy Dála Alan Dillon from Fine Gael who said that 1,700 dogs attacked people in this country between 2016 and 2021, a significant increase from the previous five years.
Ag tabhairt freagra a bhí Micheál Martin ar an Teachta Dála Alan Dillon ó Fhine Gael a dúirt go ndearna madraí 1,700 ionsaí ar dhaoine sa tír seo idir 2016 agus 2021, ar ardú suntasach an méid sin ó na cúig bliana roimhe sin.