jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2orhlu78
Beginning of the Uí Shíocháin era in Údarás na Gaeltachta.
Tús le ré Uí Shíocháin in Údarás na Gaeltachta.
Tomás Ó Síocháin began his term as Chief Executive of Údarás na Gaeltachta today.
Chuir Tomás Ó Síocháin tús inniu lena théarma ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.
Tomás Ó Síocháin succeeds Micheál Ó hÉanaigh who was previously in that role.
Tagann Tomás Ó Síocháin i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh a bhí sa ról sin roimhe.
O'Eanna's term ended in August.
Tháinig deireadh le tréimhse Uí Éanaigh i mí Lúnasa.
Originally from County Clare, Tomás Ó Síocháin spent four years as Chief Executive of the Western Development Commission.
Ó Chontae an Chláir ó dhúchas, chaith Tomás Ó Síocháin ceithre mbliana ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair.
He previously held management roles at the University of Galway.
Bhí rólanna bainistíochta aige in Ollscoil na Gaillimhe roimhe seo.
At the last meeting of this year's Board of Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síochán began his work there as chief executive today.
Ag an gcruinniú deiridh den bhliain seo de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta a chuir Tomás Ó Síochán tús inniu lena sheal oibre ansin mar phríomhfheidhmeannach.
Investment has been approved in proposals that will significantly increase employment in counties Galway, Donegal, Mayo and Kerry today.
Ceadaíodh infheistíocht i dtograí a chuirfidh go suntasach leis an bhfostaíocht i gcontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí inniu.
The new jobs are being created in the manufacturing, audiovisual, food and beverage industries, and medical equipment industries, among others.
Tá na postanna nua á gcruthú in earnálacha na déantúsaíochta, an chlosamhairc, i dtionscail na bia agus dí, agus i dtionscail na bhfearas leighis, i measc earnálacha eile.