jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2knjzwxm
Three young boys who fell into a lake in England have died.
Triúr buachaillí óga a thit i loch i Sasana tar éis bháis.
Police in England have confirmed that three young boys who fell into a lake near Birmingham yesterday have died in hospital.
Tá sé deimhnithe ag na póilíní i Sasana go bhfuil triúr buachaillí óga a thit i loch in aice le Birmingham inné tar éis bháis san ospidéal.
The fourth boy is said to be very ill.
Deirtear go bhfuil an ceathrú buachaill an-dona tinn.
It is understood that the boys were playing on the ice on the lake when he took it away.
Tuigtear go raibh na buachaillí ag súgradh ar an leac oighir ar an loch nuair a thug a thug sé uaidh.
The boys who were lost were aged eight, ten and eleven.
Ocht mbliana, deich mbliana agus aon bhliain déag a bhí na buachaillí a cailleadh.
The boy who is always in intensive care in the hospital is six years old.
Sé bliana atá an buachaillín atá faoi dhianchúram san ospidéal i gcónaí.
The lake is in the Babbs Mill park in the Kingshurst area near Solihull and people who were there at the time tried to help the boys.
I bpáirc Babbs Mill i gceantar Kingshurst in aice le Solihull atá an loch agus rinne daoine a bhí san áit ag an am iarracht teacht i gcabhair ar na buachaillí.
They were eventually pulled out of the water by the emergency services but by then they were very ill.
Ba iad na seirbhísí éigeandála a thug amach as an uisce iad ar deireadh ach bhí siad an-dona tinn faoin am sin.
It is understood that they suffered a heart attack when they fell into the devastatingly cold water.
Tuigtear gur bhain taom croí dóibh nuair a thit siad san uisce a bhí millteach fuar.
The temperature in the area at the time was around freezing.
Thart ar an reophointe a bhí an teocht sa cheantar ag an am.
Police are still searching the lake today following reports that six children were playing on the ice just before the disaster.
Tá na póilíní fós i mbun cuardaigh sa loch inniu i bhfianaise tuairiscí gur seisear páistí a bhí ag súgradh ar an leac oighir díreach sular tharla an tubaiste.
British Prime Minister Rishi Sunak has expressed his condolences to the families of the lost children.
Tá comhbhrón déanta ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak le muintreacha na bpáistí a cailleadh.