jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2evduwp5
The European Union has been wary of Elon Musk.
Fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk.
Elon Musk has been warned by the European Union after he suspended several journalists from Twitter.
Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk tar éis dó roinnt iriseoirí a chur ar fionraí ó Twitter.
The European Union says it could face sanctions under new media legislation, and that this suspension is worrying.
Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo.
Commissioner Very Jourova expressed this on Twitter herself, saying that she was concerned that journalists were being suspended 'irregularly' and that this was a violation of media freedom and fundamental rights.
Ar Twittter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí ' go dírialta' agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha.
Elon Musk could expect sanctions soon.
D'fhéadfadh Elon Musk bheith ag súil le smachtbhannaí go luath.
Twitter suspended the accounts of several well-known journalists after they wrote about the company's new owner, Elon Musk.
Chuir Twitter cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí tar éis dóíbh scríobh faoi úinéir nua an chomhlachta, Elon Musk.
He said, in a tweet, that the ban on publishing personal information applied to everyone, including journalists.
Dúirt seisean, i tvuít, gur bhain an cosc ar eolas pearsanta a fhoilsiú le gach duine, iriseoirí san áireamh.
This is widely known as doxxing.
Doxxing an téarma a thugtar air seo go forleathan.
It was personal knowledge to publish information about the affairs of his private plane on social media, as the @elonjet account did.
An t-eolas pearsanta a bhí i gceist é faisnéis faoi chúrsaí a eilteáin phríobháidigh a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, mar a rinne an cuntas @elonjet.
This is information published by the Federal Aviation Authority about the course of each private plane.
Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach.
Musk accused the account of having his son's car attacked as a result of this information being published.
Chuir Musk i leith an chuntais go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic de bharr an eolais seo bheith foilsithe.
Other accounts were subsequently suspended although it does not appear that they published this information again.
Cuireadh cuntais eile ar fionraí ina dhiaidh sin cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo arís.
One of those is Kerry Donie O'Sullivan, who is a well-known CNN correspondent.
Ar dhuine díobh sin tá an Ciarraíoch Donie O'Sullivan, atá ina chomhfhreagraí aitheanta ag CNN.
The account of Mastodon, the social media company promoting itself as an alternative to Twitter, was also suspended.
Cuireadh cuntas Mastodon ar fionraí freisin, an comhlachct meán sóisialta atá á chur féin chun cinn mar rogha eile in ionad Twitter.
Musk said in April that he was buying Twitter to preserve and protect international freedom of speech.
Mhaigh Musk thiar mí Aibreáin go raibh sé ag ceannach Twitter le cead cainte idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint.
Shortly after taking over the company, he invited former President Trump back on stage.
Go gairid i ndiaidh dó dul i mbun an chomhlachta, thug sé cuireadh ar ais ar an árdán don iar-Uachtarán Trump.