jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2jm8u7t3
Croatia more involved in the European Union from today.
An Chróit níos rannpháirtí san Aontas Eorpach ó inniu.
Two major new policies apply in Croatia from today which make the country even more closely related to the European Union than it has been until now.
Tá feidhm sa Chróit ó inniu le dhá mhórbheartas nua a fhágann go bhfuil an tír níos dlúthbhaintí fós leis an Aontas Eorpach ná mar a bhí go dtí seo.
The euro has been the official currency of Croatia since midnight and it is now one of only a handful of countries participating in the eurozone.
Is é an euro airgeadra oifigiúil na Cróite ón meán oíche agus tá sí anois ar cheann de scór tíortha atá páirteach sa limistéar euro.
In addition, Croatia is now one of the 27 European countries participating in the Schengen Agreement.
Chomh maith leis sin, tá an Chróit anois ar cheann den 27 tír Eorpach atá páirteach i gComhaontú Schengen.
Citizens of those countries have free travel permission in each other's countries, according to the Schengen Agreement.
Tá saorchead taistil ag saóranaigh na dtíortha sin i dtíortha a chéile, de réir Chomhaontú Schengen.
Croatia has been a member state of the European Union for ten years and it is claimed that it would be better able to fight inflation now that it is participating in the eurozone.
Tá an Chróit ina ballstát den Aontas Eorpach le deich mbliana agus maítear gur fearr a bheas sí in ann dul i ngleic leis an mboilsciú anois ó tá sí rannpháirteach sa limistéar euro.
But as with other European countries, food and fuel prices in Croatia have risen dramatically since Russia invaded Ukraine ten months ago.
Ach an oiread le tíortha eile na hEorpa, tá praghsanna bia agus breosla sa Chróit ardaithe as cuimse ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin deich mí ó shin.
The inflation rate in Croatia was 13.5% in November, compared to 10% in the euro area.
13.5 faoin gcéad a bhí sa ráta boilscithe sa Chróit i mí na Samhna, i gcomórtas le 10 faoin gcéad sa limistéar euro.
However, many people in Croatia believe that the major European countries - France and Germany in particular - will benefit the most from Croatia's membership in the eurozone.
Mar sin féin, creideann go leor daoine sa Chróit gurb iad tíortha móra na Eorpa - an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe - gurb iad na tíortha sin is mó a bhainfeas tairbhe as ballraíocht na Cróite sa limistéar euro.
On the contrary, the hospitality sector is very happy with the free travel permit and it is expected that there will be a renewed boom in tourism in Croatia because of it.
Os a choinne sin, tá an earnáil fáilteachtais an-sásta leis an saorchead taistil agus táthar ag súil go mbeidh borradh as an nua faoin turasóireacht sa Chróit dá bhíthin.
Heavy security will always be in place, however, in the east of the country along the border with Bosnia-Herzegovina, Serbia and Montenegro.
Beidh dianslándáil i bhfeidhm i gcónaí, áfach, in oirthear na tíre feadh na teorann leis an mBoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia agus Montainéagró.
This is a big challenge since the border is 1,350 kilometers long.
Is mór an dúshlán an méid sin ó tá an teorainn 1,350 ciliméadar ar a fad.