jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2qog7m8f
House prices 7.7 times higher than household income.
Praghsanna tithe 7.7 uair níos airde ná ioncam teaghlach.
A new report reveals that house prices are 7.7 times higher than the average annual household income, the biggest gap since 2009.
Tugtar le fios i dtuarascáil nua go bhfuil praghsanna tithe 7.7 uair níos airde ná ioncam bliantúil an ghnáth-theaghlaigh, an bhearna is mó ó 2009.
On average, a residential home cost €370,000 and the average annual income of a typical family was €48,000 in the last quarter of 2022, according to figures provided by the MyHome.ie website.
€370,000 ar an meán a bhí ar áras cónaithe agus €48,000 a bhí i meánioncam bliantúil an ghnáth-theaghlaigh sa ráithe dheireanach de 2022, de réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag lucht an tsuímh ghréasáin MyHome.ie.
The chief economist of the financial company Davy, Conall MacCoille, compiled the report.
Is é príomheacnamaí an chomhlachta airgeadais Davy, Conall Mac Coille, a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile.
He claimed that the gap could widen further since the Central Bank of Ireland allowed people to take out mortgages of up to four times their annual income.
Mhaígh sé go bhféadfadh an bhearna méadú tuilleadh ó cheadaigh Banc Ceannais na hÉireann do dhaoine morgáistí suas le ceithre huaire níos airde ná a n-ioncam bliantúil a thógáil amach.
MacCoille said that it is currently estimated that there will be a 4% rise in house prices this year but that decision by the Central Bank could increase it.
Dúirt Mac Coille go meastar faoi láthair go mbeidh ardú 4 faoin gcéad ar phraghsanna tithe i mbliana ach go bhféadfadh cinneadh sin an Bhainc Ceannais cur leis.
Speaking on RTÉ, Senator Mary Fitzpatrick from Fianna Fáil said that the Government is doing everything they can to provide social housing and affordable housing.
Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt an Seanadóir Mary Fitzpatrick ó Fhianna Fáil go bhfuil an Rialtas ag déanamh gach ar féidir leo le tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne a chur ar fáil.
Under the Government's plan called Housing for All, she said, more houses were built in one year than in the previous ten years.
Faoi phlean an Rialtais dá ngairtear Tithíocht do Chách, arsa sí, tógadh níos mó tithe le bliain ná mar a tógadh sna deich mbliana roimhe sin.
Sinn Féin's housing spokesperson Eoin Ó Broin, however, said that anyone who believes that the Government's plan is succeeding would have to be delusional.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, áfach, go gcaithfeadh sé go bhfuil speabhraídí ar aon duine a chreideann go bhfuil ag éirí le plean an Rialtais.