jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2z6srlqo
Concerns about sweets containing cannabis-like substances.
Imní faoi mhilseáin a bhfuil ábhar cosúil le cannabas iontu.
The Health Service Executive and the Gardai have issued a notice in relation to sweets which are thought to contain a substance similar to cannabis.
Tá fógra eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Gardaí maidir le milseáin a gceaptar go bhfuil ábhar cosúil le cannabas iontu.
The sweets in question are jellies in packets.
Glóthóga i bpaicéid na milseáin atá i gceist.
The Health Service Executive says the sweets contain synthetic cannabinoids and some people in Tipperary had to be hospitalized last month after eating them.
Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil cannaibionóidigh shintéiseacha sna milseáin agus go mb'éigean roinnt daoine i dTiobraid Árann a chur in ospidéal an mhí seo caite tar éis dóibh iad a ithe.
Synthetic cannabinoids are man-made chemicals that mimic tetrahydrocannabinol (THC), the main psychoactive ingredient in cannabis.
Ceimiceáin shaorga is ea cannaibionóidigh shintéiseacha a dhéanann aithris ar theitrihidreacannaibionól (THC), an príomhábhar sícighníomhach atá i gcannabas.
In fact, synthetic cannabinoids can be stronger than THC.
Go deimhin, is féidir le cannaibionóidigh shintéiseacha a bheith níos láidre ná THC.
Gardaí say they recently found a large quantity of the gels in Clonmel, Co Tipperary.
Deir na Gardaí go bhfuair siad lear mór de na glóthóga i gCluain Meala, Co Thiobraid Árann, le gairid.
The Executive is concerned that other products containing these strong cannabinoids are also on sale in Ireland, such as vaping oil and herbal material, for example.
Tá imní ar an bhFeidhmeannacht go bhfuil táirgí eile a bhfuil na cannaibionóidigh láidre seo iontu ar díol in Éirinn chomh maith, leithéidí ola vápála agus ábhar luibhe, cuir i gcás.
Nausea, vomiting, confusion, shortness of breath, chest pain, hallucinations, psychotic attacks, urge to attack, loss of consciousness and so on are some of the effects of ingesting synthetic cannabinoids.
Masmas, fonn urlacain, mearbhall, gearranáil, pian sa chliabhrach, speabhraídí, taomanna síocóise, fonn ionsaithe, cailliúint comhfheasa agus mar sin díobh cuid de na hiarmhairtí a bhaineann le cannaibionóidigh shintéiseacha a ionghabháil.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ