jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2bonzxqg
"Administrative error" caused excessively high electricity charges.
"Dearmad riaracháin" ba chúis le táillí leictreachais ró-ard.
It was confirmed at the Oireachtas committee on environmental and climate matters today that compensation would be paid to household customers of the Electricity Supply Board who had been charged excessively high fees for a decade.
Dearbhaíodh ag coiste Oireachtais maidir le cúrsaí comhshaoil agus aeráide inniu go n-íocfaí cúiteamh le custaiméirí tís Bhord Soláthair an Leictreachais ar gearradh táillí ró-ard orthu ar feadh corradh le deich mbliana.
The chairman of the Utilities Regulation Commission, Aoife MacEvilly, announced this before the committee today.
Is í cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Fóntais, Aoife MacEvilly, a d'fhógair an méid seo os comhair an choiste inniu.
The story concerns a scheme that was established to provide subsidies to people who used a lot of electricity and which applied between 2010 and 2022.
Baineann an scéal le scéim a bunaíodh le fóirdheontais a chur ar fáil do dhaoine a chaith go leor leictreachais agus a raibh feidhm leis idir 2010 agus 2022.
However, it emerged that the Electricity Supply Board charged household customers a percentage fee, rather than a fixed fee as it should.
Tháinig sé chun solais, áfach, gur ghearr Bord Soláthair an Leictreachais táille chéatadánach, seachas táille sheasta mar ba chóir, ar chustaiméirí tís.
This meant that the household customers were paying excessively high fees during those years.
D'fhág sé sin go raibh na custaiméirí tís ag íoc táillí ró-ard i gcaitheamh na mblianta sin.
Aoife MacEvilly was responding to Senator Lynn Boylan from Sinn Féin who has investigated the matter under the Freedom of Information Act.
Ag tabhairt freagra a bhí Aoife MacEvilly ar an Seanadóir Lynn Boylan ó Shinn Féin a bhfuil an scéal fiosraithe aici faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Senator Boylan asked that it be confirmed how much is to be paid back to the customers.
D'iarr an Seanadóir Boylan go ndeimhneofaí cé mhéad atá le híoc ar ais leis na custaiméirí.
Deputy Dáil Jennifer Whitmore from the Social Democrats said that it was necessary to find out how it happened that a State body was charging people too high fees for twelve years and that it took so long to notice.
Dúirt an Teachta Dála Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta nár mhór a fháil amach cén chaoi ar tharla sé go raibh comhlacht Stáit ag gearradh táillí ró-ard ar dhaoine ar feadh dhá bhliain déag agus gur thóg sé achar chomh fada lena thabhairt faoi deara.
Aoife McEvilly accepted what Jennifer Whitmore said and pointed out that it was an "administrative mistake" and that the company did not benefit from it.
Ghlac Aoife McEvilly leis an méid a dúirt Jennifer Whitmore agus thug sí le fios gur "dearmad riaracháin" a bhí ann agus nár bhain an comhlacht aon sochar as.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ