jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2nmo76tj
Castlebar fishermen "insulted" by the Marine Department.
Iascairí Bhaile Chaisleán Bhéarra "maslaithe" ag Roinn na Mara.
The announcement that €5 million will be made available to the Port of Castlebar to develop Dúnis Quay and to decommission 19 boats from the fishing fleet there is an "insult and a joke".
"Masla agus magadh" é an fógra go mbeidh €5 mhilliún á chur ar fáil do Chalafort Bhaile Chaisleán Bhéarra le Cé Dhúninis a fhorbairt agus le 19 bád a dhíchoimisiúnú ón gcabhlach iascaigh ansiúd.
That's what Patrick Murphy, Chief Executive of the Southern Fish Producers Association, had to say, who also said that it would be small boats that would be benefiting from the State funding.
Sin é a bhí le rá ag Patrick Murphy, Príomhfheidhmeannach Chumann Tháirgeoirí Éisc an Deiscirt, a dúirt freisin gur báid ghallda a bheadh ag baint leasa as an maoiniú Stáit.
Patrick Murphy and Aodh Ó Dónaill, Chief Executive of the Irish Fish Producers Association, are attending meetings in Brussels today and tomorrow urging the European authorities to raise this country's fish quotas.
Tá Patrick Murphy agus Aodh Ó Dónaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tháirgeoirí Éisc na hÉireann, ag freastal ar chruinnithe sa mBruiséil inniu agus amárach ag impí ar údaráis na hEorpa cúotaí éisc na tíre seo a ardú.
The Department of Agriculture, Food and the Marine announced a week ago that €5.14 million has been pledged to the Bear Port Authority and the improvement program at Dunnis Quay in Castle Bear Town in south Cork.
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le seachtain go bhfuil €5.14 miliúin geallta do Chomhlacht Chalafort Bhéarra agus don chlár feabhsúcháin ag Cé Dhúninis i nBaile Chaisleán Bhéarra i ndeisceart Chorcaí.
The funding is part of a €37 million fund to be spent on the 6 major fishing ports in the country; Ballycastleberra, Dingean Uí Cuis, Ros a'Míl, Cella Beaga, Binnédair and Dunmore.
Is cuid de chiste €37milliún é an maoiniú atá le caitheamh ar an 6 mhórchalafort iascaireachta sa tír; Baile Chaisleán Bhéarra, Daingean Uí Chúis, Ros a' Mhíl, na Cealla Beaga, Binn Éadair agus an Dún Mór.
Dressing work has been underway on Duninis for 4 years and the new funding is to be spent on adding a piece to the wharf and developing additional facilities in the port.
Tá obair chóirithe ar bun ar Dhúninis le 4 bliana agus tá an maoiniú nua le caitheamh ar phíosa a chur leis an gcé agus le áiseanna sa mbreis a fhorbairt sa gcalafort.
But there is a lot of talk and compensation in the town about who will benefit from the money, and 19 fishing boats to be put away.
Ach tá cur agus cúiteamh go leor ar an mbaile faoi cé aige a mbeidh tairbhe as an airgead, agus 19 bád iascaigh le cur ó mhaith.
Patrick Murphy says that foreign boats will benefit the most from the investment, and "if things continue as they are now" he says "there won't be many Irish vessels left in 10 years."
Deir Patrick Murphy gur báid ón gcoigríoch is mó a bhainfidh leas as an infheistíocht, agus "má leanann cúrsaí mar atá faoi láthair" a deir sé "ní mórán soithíoch as Éirinn a bheidh fanta faoi cheann 10 mbliana."
Mr Ó Murchú, originally from Béal an Dá Chab, has announced that he is going to stand for the Unification party in the European election and that it was the hard work of the fishermen that he will be emphasizing the most.
Tá sé fógartha ag an an Uasal Ó Murchú, as Béal an Dá Chab ó dhúchas, go bhfuil sé le seasamh ar son an pháirtí Aontú i dtoghchán na hEorpa agus gurbh é cruachás na n-iascairí is mó a mbeidh sé ag cur béim air.
In terms of decommissioning, negotiations are underway to improve the offers received by 57 boats around the country u...