jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2q5elvo9
Inflation rate fell again but alcohol and food more expensive.
Ráta boilscithe tite arís eile ach alcól agus bia níos daoire.
Figures from the Central Statistics Office show that the annual inflation rate eased to 7.8% in January from 8.2% in December.
Léiríonn figiúirí ón Lár Oifig Staidrimh gur mhaolaigh an ráta boilscithe bliantúil go dtí 7.8 faoin gcéad i mí Eanáir ó 8.2 faoin gcéad i mí na Nollag.
Clothing prices fell in January thanks to the traditional January flea markets.
Laghdaigh praghsanna éadaí i mí Eanáir a bhuí le sladmhargaí traidisiúnta mhí Eanáir.
The cost of diesel and plane tickets also fell.
Thit costas an díosail agus ticéid eitleáin chomh maith.
However, food prices rose and alcoholic drinks became more expensive in pubs, restaurants and off-licences.
Tháinig ardú áfach ar phraghsanna bia agus d'éirigh deochanna meisciúla níos daoire i dtábhairní, i mbialanna agus in eis-cheadúnais.
The increase in interest rates announced by the European Central Bank also led to an increase in interest repayments on mortgages.
D'fhág an méadú ar rátaí úis a d'fhógair Banc Ceannais na hEorpa gur ardaigh aisíocaíochtaí úis ar mhorgáistí chomh maith.
Overall, prices fell by 0.8% in January, for the second consecutive month.
Thar an iomlán, tháinig laghdú de 0.8 faoin gcéad ar phraghsanna i mí Eanáir, den dara mí as a chéile.
Energy prices are the main cause of annual inflation and although electricity and gas prices remained the same as last month, home heating oil rose.
Praghsanna fuinnimh an chúis is mó atá le boilsciú bliantúil agus cé gur fhan praghsanna leictreachais agus gáis mar a bhí an mhí seo caite, d'ardaigh ola téimh tí.
The inflation rate here is 0.7% below the estimated rate across the Eurozone.
Tá an ráta boilscithe anseo 0.7 faoin gcéad faoi bhun an ráta measta ar fud limistéar an Euro.