jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2n9vokwn
Ten extradited from this country to Poland.
Deichniúr eiseachadta ón tír seo chun na Polainne.
Nine men and women have been extradited from this country to Poland.
Tá naonúr fear agus bean eiseachadta ón tír seo chun na Polainne.
The ten were handed over to police from Poland at MacEsmoun Aerodrome in Ballydonnell, Co Dublin, today.
Tugadh an deichniúr ar láimh do phóilíní ón bPolainn ag Aeradróm Mhic Easmuinn i mBaile Dhónaill, Co Bhaile Átha Cliath, inniu.
The ten are Poles for whom European arrest warrants had been issued.
Is Polannaigh iad an deichniúr a raibh barántais ghabhála Eorpacha eisithe ina leith.
They are to be questioned in their home country for various crimes – including violence, drug trafficking, theft, fraud and prostitution.
Tá siad le ceistiú ina dtír dhúchais faoi choireanna éagsúla – foréigean, gáinneáil ar dhrugaí, gadaíocht, calaois agus striapachas ina measc.
The Gardai said that this case shows the strong co-operation between the authorities in this country and authorities in other countries when malignant fugitives from the law are being deported from Ireland.
Dúirt na Gardaí go léiríonn an cás seo an comoibiriú láidir atá idir na húdaráis sa tír seo agus údaráis i dtíortha eile nuair atáéalaithigh urchóideacha ón dlí á ndíbirt as Éirinn.
The Gardai also drew attention to the role played by the various State agencies in the matter - between themselves, the Department of Justice, the Defense Forces and the Irish Prison Service.
Tharraing na Gardaí aird chomh chomh maith ar an bpáirt a bhí ag gníomhaireachtaí éagsúla an Stáit sa scéal – idir iad féin, an Roinn Dlí agus Cirt, Óglaigh na hÉireann agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ