jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2n7dyfep
Most of Ireland is covered by ice and snow.
Mórchuid na hÉireann folaithe ag leac oighir agus sneachta.
Met Éireann has issued two orange weather warnings and places in eight counties, as well as the whole of Connacht, are covered or likely to be covered by snow and ice.
Tá dhá fhógra flannbhuí aimsire eisithe ag Met Éireann agus áiteanna in ocht gcontae, chomh maith le Cúige Chonnacht ar fad, folaithe nó le folú ag sneachta agus leac oighir.
The eight counties involved are Cavan, Clare, Donegal, Westmeath, Longford, Louth, Meath and Monaghan.
Is iad an Cabhán, an Clár, Dún na nGall, an Iarmhí, an Longfort, Lú, an Mhí agus Muineachán na hocht gcontae atá i gceist.
Not to mention the snow and sleet, a strong wind tonight or tomorrow is also promised and it is said that roads and paths will be very slippery.
Gan trácht ar an sneachta agus ar bhflichshneachta, tá gaoth láidir anoir nó anoir aduaidh geallta chomh maith agus deirtear go mbeidh bóithre agus cosáin an-sleamhain.
The orange notice will apply in those places until 10 o'clock tomorrow morning.
Beidh feidhm leis an bhfógra flannbhuí sna háiteanna sin go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.
The second orange notice applies to the province of Leinster and will apply from midnight until 10 o'clock tomorrow morning.
Is le Cúige Laighean a bhaineann an dara fógra flannbhuí a mbeidh feidhm leis ón meán oíche go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.
A number of primary and secondary schools in Limerick and Co Clare were closed today due to the extreme cold, and it is not yet clear whether they will reopen tomorrow.
Dúnadh roinnt bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal i Luimneach agus i gCo an Chláir inniu as siocair an fhuachta mhóir, agus níl sé soiléir fós an ósclófar arís amárach iad.
In Co Kerry, six people were rescued from the Yellow Buffer mountain in Cruacha Dubha.
I gCo Chiarraí, tarrtháladh seisear ó shliabh an Mhaoláin Bhuí sna Cruacha Dubha.
The Kerry Mountain Rescue Team received word at 4.15 yesterday evening that a woman had fallen on the south-west slope of the mountain, a place of danger which is very close to death.
Fuair Foireann Tarrthála Sléibhe Chiarraí scéal ag 4.15 tráthnóna inné go raibh bean tar éis titim ar learg thiar theas an tsléibhe, áit aimhréidh atá go mór ar chúl éaga.
However, they discovered shortly afterwards that the woman was one of six people stranded on the mountain.
Fuair siad amach go gairid ina dhiaidh sin, áfach, gur dhuine de sheisear a bhí sáinnithe ar an sliabh ab ea an bhean.
Nine hours later, and with a lot of work, the youngster was brought down safely from the mountain.
Naoi n-uaire an chloig ina dhiaidh sin, agus ar mhórán saothair, is ea a tugadh an gasra anuas slán sábháilte ón sliabh.
RTÉ News and Current Affairs Newcastle, Co Limerick
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ An Caisleán Nua, Co Luimnigh