jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2d6q6ga5
Almost every school in the country is short of teachers.
Beagnach gach scoil sa tír gann ar mhúinteoirí.
Almost all post-primary schools in the State are hit by a shortage of teachers says Cumann na Meánmúneoirí, the ASTI.
Tá beagnach gach iarbhunscoil sa Stát buailte ag ganntanas múinteoirí a deir Cumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI.
Three out of four principals who took part in a survey for the union say they have not received more than one application for a teaching job or jobs they had advertised since last autumn.
Deir triúr as gach ceathrar príomhoide a ghlac páirt i suirbhé don cheardchumann nach bhfuair siad oiread is iarratas amháin do phost nó postanna múinteoireachta a bhí fógartha acu ón bhfómhar seo caite.
The survey also shows that 75% of teachers have considered leaving the profession in the past year.
Léirítear sa suirbhé freisin gur smaoinigh 75 faoin gcéad de mhúinteoirí an ghairm a fhágáil le bliain anuas.
2,000 members of the ASTI, including 56 principals, took part in the online questionnaire organized by Red C last month.
2,000 ball den ASTI, 56 príomhoide ina measc, a ghlac páirt sa gceistneoir ar-líne a bhí eagraithe ag Red C an mhí seo caite.
The association says that the results show that there are teaching vacancies in almost 50% of the country's post-primary schools and that 75% of the principals say that they have not received any applications for jobs that they had advertised.
Deir an cumann go léiríonn na torthaí go bhfuil folúntais múinteoireachta i mbeagnach 50 faoin gcéad d'iarbhunscoileanna na tíre agus go ndeir 75 faoin gcéad de na príomhoidí nach bhfuair siad aon iarratas ar phostanna a bhí fógartha acu.
80% of the principals indicated that they employed at least one unqualified teacher during this school year and that 20% of the schools had to remove one or more subjects from their curriculum as a result of the shortage of teachers.
Thug 80 faoin gcéad de na príomhoidí le fios gur fhostaigh siad ar a laghad múinteoir amháin neamhcháilithe le linn na scoilbhliana seo agus go mb'éigin de 20 faoin gcéad de na scoileanna ábhar amháin nó níos mó a bhaint dá gcuracalam mar thoradh ar an nganntanas múinteoirí.
In addition, almost 90% of schools indicated that there were periods when a substitute teacher was not available to fill the place of an absent teacher.
Mar bharr air sin thug beagnach 90 faoin gcéad de na scoileanna le fios go raibh tréimhsí ann nuair nach raibh múinteoir ionaid ar fáil le áit múinteóra a bhí as láthair a líonadh.
The workload, the low pay, the high cost of living and the housing crisis are mentioned in the survey as the main reasons for the shortage of teachers.
Tá an t-ualach oibre, an phá íseal, an costas ard maireachtála agus an ghéarrchéim tithíochta luaite sa suirbhé ar na mórchúiseanna leis an nganntanas múinteoirí.
The survey also shows that the satisfaction that teachers derive from their profession is steadily declining.
Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil an sásamh a bhaineann múinteoirí as a gceird ag meath go seasta.
Next week Cumann na Meanmúneoirí will have its Annual Conference.
An tseachtain seo chugainn a bheidh a gComhdháil Bhliantúil ag Cumann na Meánmhúinteoirí.
Piedar Mac Gaoithín will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900.