jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2b2eeute
The days of the zebras on loan again and great weather is promised.
Laethanta na riabhaí ar iasacht arís agus aimsir mhór geallta.
The first of three yellow wind warnings issued by Met Éireann for the next few days applies from 3pm to 9pm tonight.
Tá feidhm óna 3 a chlog tráthnóna go dtí 9 a chlog anocht leis an gcéad cheann de thrí fhógra buí gaoithe atá eisithe ag Met Éireann i gcomhair an chúpla lá seo amach romhainn.
The first notice relates mainly to counties in the east of the country.
Is le contaetha in oirthear na tíre den chuid is mó a bhaineann an chéad fhógra.
Ten counties are involved, namely, Dublin, Louth, Meath, Wicklow, Kildare, Carlow, Kilkenny, Wexford, Waterford and Cork.
Deich gcontae atá i gceist, mar atá, Baile Átha Cliath, Lú, an Mhí, Cill Mhantáin, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge agus Corcaigh.
Met Éireann says that there will be severe gusts of wind in those places for a long time.
Deir Met Éireann go mbeidh géarbhach crua gaoithe sna háiteanna sin ar feadh na faide.
Met Éireann has issued another wind warning which will apply between 1 o'clock tomorrow morning and 5 o'clock tomorrow afternoon.
Tá fógra gaoithe eile eisithe ag Met Éireann a mbeidh feidhm leis idir 1 a chlog ar maidin amárach agus 5 a chlog tráthnóna amárach.
The second notice relates mainly to counties in the west of the country, such as Cork, Kerry, Limerick, Clare, Galway and Mayo.
Is le contaetha in iarthar na tíre den chuid is mó a bhaineann an dara fógra sin, mar atá, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh agus Maigh Eo.
According to the meteorologists, there will be a speed between 90 and 110 kilometers per hour under the wind gusts in those places.
Dar leis na meitéareolaithe go mbeidh luas idir 90 agus 110 ciliméadar san uair faoi na siotaí gaoithe sna háiteanna sin.
They also say that the wind could be even stronger on high ground and in areas by the sea, where the salt could blow onto roads.
Deir siad chomh maith go bhféadfadh sé gur láidre fós a bheadh an ghaoth ar thalamh ard agus i gceantair cois farraige, áit a bhféadfadh an tsáile tonnadh isteach ar bhóithre.
Another yellow wind warning will apply – the third one – between 8 o'clock tomorrow morning and 8 o'clock tomorrow afternoon.
Beidh feidhm le fógra buí gaoithe eile fós – an tríú ceann – idir 8 a chlog ar maidin amárach agus 8 a chlog tráthnóna amárach.
The notice applies to the whole of Leinster, as well as Cavan, Monaghan, Leitrim, Roscommon, Sligo, Donegal, Tipperary and Waterford.
Baineann an fógra úd le Cúige Laighean ar fad, chomh maith leis an gCabhán, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin, Sligeach, Dún na nGall, Tiobraid Árann agus Port Láirge.
Barring the winds, it will also be runny everywhere.
Gan na gálaí a bhac, beidh sé silteach i ngach áit freisin.
It is said, in fact, that the rain will be heavy and thunderous at times and that there could also be hail.
Deirtear, go deimhin, go mbeidh an fhearthainn trom agus toriniúil in amanna agus go bhfeádfadh sé go mbeadh clocha sneachta ann chomh maith.
In the North, a yellow wind warning will apply between 3pm and 3am tomorrow in Co Down and Co Antrim.
Sa Tuaisceart, beidh feidhm le fógra buí gaoithe idir 3 a chlog tráthnóna agus 3 a chlog ar maidin amárach i gCo an Dúin agus i gCo Aontroma.
Another announcement will apply between 11 o'clock tomorrow morning and 8 o'clock tomorrow afternoon in each of the six Northern counties.
Beidh feidhm le fógra eile idir 11 a chlog ar maidin amárach agus 8 a chlog tráthnóna amárach i ngach ceann de shé chontae an Tuaiscirt.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ