jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/296pgzfp
501 refugees who arrived in Ireland recently without official accommodation.
501 dídeanaí a tháinig go hÉirinn le gairid gan lóistín oifigiúil.
501 refugees who have recently arrived in Ireland are currently without official State accommodation, according to the latest figures.
Tá 501 dídeanaí a tháinig go hÉirinn le gairid gan lóistín oifigiúil Stáit faoi láthair, de réir na bhfigiúirí is deireanaí.
That's 280 more than five weeks ago.
Sin 280 níos mó ná cúig seachtaine ó shin.
The United Nations refugee agency called the new figures a "grim milestone".
"Clochmhíle ghruama" a thug gníomhaireacht dídeanaithe na Náisiún Aontaithe ar na figiúirí nua.
The agency claimed that the situation is a warning notice for the Government and said that it is the responsibility of the State to provide refugees with their needs - especially shelter and safety - in accordance with both European and international law.
Mhaígh an ghníomhaireacht gur fógra faire don Rialtas atá sa scéal agus dúirt go bhfuil sé de gheasa ar an Stát riar a riachtanais a chur ar fáil do dhídeanaithe – go háirithe fothain agus sábháilteacht – de réir an dlí Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta araon.
The Clan Simon charity in Dublin confirmed that they had contacted some of the refugees in question, including people who are sleeping outside.
Dhearbhaigh an carthanas Clann Shíomóin i mBaile Átha Cliath go raibh teagmháil déanta acu le cuid de na dídeanaithe atá i gceist, daoine atá ag codladh amuigh ina measc.
The Government stopped offering accommodation to adult refugees who did not have children from 24 January due to the national shortage.
D'éirigh an Rialtas as lóistín a thairiscint do dhídeanaithe fásta nach raibh páistí acu ón 24 Eanáir mar gheall ar an nganntanas náisiúnta.
It is estimated that 849 adults were subsequently left without official State accommodation but it is understood that 348 of them have since been offered accommodation.
Meastar gur fágadh 849 duine fásta gan lóistín oifigiúil Stáit ina dhiaidh sin ach tuigtear gur tairgeadh lóistín do 348 acu ó shin.
RTÉ has confirmed that all those waiting to receive accommodation from the State are entitled to two shopping vouchers, €25 each.
Tá sé deimhnithe ag RTÉ go bhfuil gach duine atá ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát, go bhfuil siad i dteideal dhá dhearbhán siopadóireachta, €25 an ceann.
The Refugee Council of Ireland, however, says that the support provided by the State is inadequate and that refugees are dependent on charitable organizations for this reason.
Deir Comhairle Dídeanaithe na hÉireann, áfach, go bhfuil an tacaíocht atá an Stát a chur ar fáil fíoreasnamhach agus go bhfuil dídeanaithe i gcleith le heagraíochtaí carthanachta dá bhíthin sin.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ