jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2xpyp3um
3rd permanent ambulance site to be built in Connemara.
An 3ú buan-áit otharchairr le tógáil i gConamara.
The people of Connemara have welcomed the Health Service Executive's decision to make a planning application to build a permanent ambulance station in Srai Salach.
Tá fáilte curtha ag muintir Chonamara roimh chinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas pleanála a dhéanamh le buan-ionad otharchairr a thógáil sa Sraith Salach.
A 3rd ambulance base is badly needed in the region say community representatives, to be added to the center west of Clochán and the one south of Chatrú Rua.
Tá an 3ú bunáit otharchairr ag teastáil go géar sa réigiún a deir ionadaithe pobail, le cur leis an ionad atá thiar ar an gClochán agus an ceann atá ó dheas ar an gCeathrú Rua.
A community campaign has been gathering strength in the Straith Salach area for 2 years - people demanding essential basic services.
Tá feachtas pobail ag bailiú nirt i gceantar Shraith Salach le 2 bhliain - daoine ag éileamh bunsheirbhísí riachtanacha.
An ambulance service to serve the community of North Connemara was at the heart of the campaign and their work is now bearing fruit.
Bhí seirbhís otharchairr le freastal ar phobal Thuaisceart Chonamara i gcroílár an fheachtais agus tá toradh anois ar a gcuid saothair.
The Health Service Executive has announced that they are preparing a planning application to be submitted in the next few weeks to locate an ambulance base in Srai Salach.
Tá sé fógartha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil iarratas pleanála á ullmhú acu agus le cur isteach as seo go ceann roinnt seachtainí le bunáit otharchairr a lonnú sa Sraith Salach.
Dála Deputy Éamon Ó Cuív says the 3rd ambulance base was badly needed.
Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh an 3ú bunáit otharchairr ag teastáil go géar.
In the event that an ambulance has gone to Galway City from Clochán, the Red Quarter service is relied upon to serve the entire region says Deputy Ó Cuív.
Sa gcás go mbíonn otharcharr imithe go Cathair na Gaillimhe ón gClochán, bítear ag brath ar sheirbhís na Ceathrún Ruaidhe le freastal ar an réigiún ar fad a deir an Teachta Ó Cuív.
"Now with another permanent center to be located in the Dirty League both existing services will be supported".
"Anois agus ionad buan eile le lonnú sa Sraith Salach beidh tacaíocht ag an dá sheirbhís atá ann faoi láthair".
It was expected that the base would be built by the beginning of this year but "the planning process was delayed" says the HSE.
Bhíothas ag súil go mbeadh an bhunáit tógtha faoi thús na bliana seo ach "cuireadh moill ar an bpróiseas pleanála" a deir an HSE.
The health authorities indicated this afternoon that "environmental matters need to be properly assessed before continuing with the process."
Thug na húdaráis sláinte le fios tráthnóna go raibh "gá cúrsaí timpeallachta a mheas i gceart sula leanfaí ar aghaidh leis an bpróiseas."
A building belonging to the Executive - Straith Salach Health Center - has been operating for a long time but is in urgent need of maintenance.
Tá foirgneamh de chuid na Feidhmeannachta - Ionad Sláinte Shraith Salach - ag feidhmiú le fada ach tá obair chothabhála le déanamh go géar air.
The planning application will be forwarded in a few weeks and the Health Service Executive says that all information relating to the maintenance work to be carried out on the building will be published in conjunction with that process.
Cuirfear an t-iarratas pleanála ar aghaidh i gceann cúpla seachtain agus deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfoilseofar gach eolas a bhaineann leis an obair chothabhála a bheidh le déanamh ar an bhfoirgneamh le theacht leis an bpróiseas sin.
Donncha Ó Murchú will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.