jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2xm92rb3
Workers in the Meath zinc mine in protest.
Oibrithe i mianach since na Mí i mbun agóide.
Workers at the Tara Mines zinc mine in Navan, Co Meath, have been protesting outside the site since last night over the owners' decision to close the mine indefinitely - it is not known how long - and put 650 employees out of work between two pools.
Tá oibrithe i mianach since Tara Mines san Uaimh, Co na Mí, i mbun agóide taobh amuigh den áit ó aréir faoi chinneadh na n-úinéirí an mianach a dhúnadh go ceann scaithimh – ní fios cá fhad – agus 650 fostaí a leagan as obair idir dhá linn.
The owners say they regret the decision but have no other choice but to close the mine.
Deir na húinéirí go mb'oth leo an cinneadh ach nach bhfuil an dara rogha acu ach an mianach a dhúnadh.
They say the mine is losing money, the zinc market is extremely volatile at the moment and prices have recently fallen dramatically.
Deir siad go bhfuil an mianach ag cailleadh airgid as éadan, go bhfuil an margadh since thar a bheith luaineach faoi láthair agus go bhfuil praghsanna tite go tubaisteach le gairid.
Talks between the company's owners and the workers' representatives took place in the Workplace Relations Commission yesterday and there will be more talks tomorrow.
Bhí cainteanna idir úinéirí an chomhlachta agus ionadaithe na n-oibrithe ar siúl sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inné agus beidh tuilleadh cainteanna ann amárach.
The workers do not trust the owners, however, and are very concerned about the future of the mine in the long run.
Níl muinín ag na hoibrithe as na húinéirí, áfach, agus tá imní mhór orthu faoina bhfuil i ndán don mhianach i bhfad na haimsire.
In fact, they are demanding that the owners publish the company's profits so that they can see for themselves the success or failure of the mine.
Go deimhin, tá siad ag éileamh ar na húinéirí brabaigh an chomhlachta a fhoilsiú le go bhfeicfidh siad féin cén rath nó mírath atá ar an mianach.
The workers are also very unhappy that the owners have not said when the mine will reopen, if at all.
Tá na hoibrithe fíor-mhíshásta freisin nach bhfuil sé ráite ag na húinéirí cén uair a osclófar an mianach arís, má osclófar.
An emergency resolution will be submitted to the Conference of Trade Unions at a meeting in Co Kilkenny today in which the Government will be required to intervene in the situation without delay and save the mine from idleness.
Cuirfear rún éigeandála faoi bhráid Chomhdháil na gCeardchumann i gcruinniú i gCo Chill Chainnigh inniu ina n-éileofar ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh sa scéal gan mhoill agus an mianach a shábháil ar dhíomhaointeas.
The mine in Navan was opened in 1977 and is the largest zinc mine in Europe.
Osclaíodh an mianach san Uaimh i 1977 agus tá sé ar an mianach since is mó san Eoraip.
Regardless of the name, the mine is in Bóthar Mín west of the town of Nauhamh, approximately twenty kilometers from Thameer.
Ainneoin an ainm, is sa Bhóthar Mín siar ó bhaile na hUaimhe atá an mianach, tuairim is fiche ciliméadar ó Theamhair.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ