jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ywsssl8a
The asking price of houses after the rise again.
An praghas atáthar a iarraidh ar thithe tar éis ardú an athuair.
Despite house prices falling in the first two quarters of the year, they started to rise again in the third quarter, according to the latest bulletin from MyHome.ie.
In ainneoin gur thit praghsanna tithe sa chéad dá ráithe den bhliain, thosaigh siad ag ardú arís sa tríú ráithe, de réir an fheasacháin is deireanaí ó lucht MyHome.ie.
It was an increase of almost 4% between July and September.
Ardú beagán le cois 4 faoin gcéad a bhí ann idir Iúil agus Meán Fómhair.
MyHome.ie has calculated the asking price rather than the final price received.
Is é an praghas a hiarradh seachas an praghas a fuarthas ar deireadh atá ríofa ag MyHome.ie.
In Dublin, the asking price in the third quarter was 3% more expensive on average than in the same quarter last year.
I mBaile Átha Cliath, bhí an praghas a hiarradh sa tríú ráithe 3 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh.
It was almost 5% in the rest of the country.
Beagnach 5 faoin gcéad a bhí i gceist sa chuid eile den tír.
The contents of the MyHome.ie bulletin are more or less consistent with the report published by daft.ie last week.
Tá a bhfuil i bhfeasachán MyHome.ie ag teacht a bheag nó a mhór leis an tuairisc a d'fhoilsigh lucht daft.ie an tseachtain seo caite.
According to daft.ie the asking price nationally in the third quarter of the year was 3.7% more expensive on average than in the same quarter last year.
Dar le daft.ie go raibh an praghas a hiarradh go náisiúnta sa tríú ráithe den bhliain 3.7 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh.
Official figures from the Central Statistics Office published last week revealed that there was an average rise of 1.5% in house prices nationally over the year between July 2022 and July 2023.
Tugadh le fios i bhfigiúirí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh a foilsíodh an tseachtain seo caite go raibh ardú 1.5 faoin gcéad ar an meán ar phraghsanna tithe go náisiúnta i gcaitheamh na bliana idir Iúil 2022 agus Iúil 2023.
The Central Statistics Office calculates the price that was finally received rather than the price that was originally asked for.
Is é an praghas a fuarthas ar deireadh seachas an praghas a bhí iarrtha ar an gcéad dul síos a ríomh an Phríomh-Oifig Staidrimh.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ