jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ykfy9lm3
Budget 2024: some policies in place from midnight.
Buiséad 2024: roinnt beartas i bhfeidhm ón meán oíche.
Some of the policies of Budget 2024 came into effect from midnight last night after the Dáil voted in favor of raising the duty on tobacco and keeping the Value Added Tax on energy charges as it was.
Tháinig cuid de bheartais Bhuiséad 2024 i bhfeidhm ón meán oíche aréir tar éis don Dáil vótáil i bhfabhar an dleacht ar thobac a ardú agus an Cháin Bhreisluacha ar tháillí fuinnimh a choinneáil mar a bhí.
Petrol and diesel prices rose from midnight because the carbon tax was raised in the Budget from €48.50 to €56 per tonne.
D'ardaigh praghsanna peitril agus díosail ón meán oíche mar gheall gur ardaíodh an cháin charbóin sa Bhuiséad ó €48.50 go dtí €56 in aghaidh an tonna.
This means that €1.28 and €1.48 were added to every 60 liters of petrol and diesel respectively.
Fágann sin gur cuireadh €1.28 agus €1.48 le gach 60 lítear peitril agus díosail faoi seach.
On the contrary, it was announced yesterday that the carbon tax on other fuels and the duties on petrol and diesel would not be increased until next year.
Os a choinne sin, fógraíodh inné nach n-ardófaí an cháin charbóin ar bhreoslaí eile ná na dleachta ar pheitreal agus ar dhíosal go dtí an bhliain seo chugainn.
At the beginning of next May, 90 cents will be added to a 40 kilogram bag of coal and 20 cents to a normal pile of peat briquettes and it will cost people almost €20 more to fill a 900 liter kerosene tank.
I dtús na Bealtaine seo chugainn, cuirfear 90 cent le mála guail 40 cileagram agus 20 cent le gnáthcharn brícíní móna agus cosnóidh sé beagnach €20 breise ar dhaoine tanc 900 lítear ceirisín a líonadh.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ