jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ywzvwwpn
Beef export to China suspended due to BSE case.
Onnmhairiú mairteola chun na Síne ar fionraí de bharr cás BSE.
The export of beef from Ireland to China has been stopped due to an "atypical case" of BSE - Bovine Spongiform Encephalopathy, or mad cow disease - being found in livestock in this country.
Tá stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE - Einceifealapaite Spúinseach Bólachta, nó galar na bó buile - a bheith aimsithe i mbeithíoch sa tír seo.
It is a heavy blow, without the Chinese market only reopening since April, after a stop of almost 3 years due to a case of the same disease in 2020.
Buille trom é, gan margadh na Síne ach athoscailte ó mhí an Aibreáin, tar éis stad beagnach 3 bliana de bharr cás den ghalar céanna i 2020.
The case was recently discovered when the Department of Agriculture tested a 10-year-old cow that had been lost and was about to be put to good use.
Le gairid a haimsíodh an cás nuair a rinne lucht na Roinne Talmhaíochta tástáil ar bhó 10 mbliana d'aois a bhí caillte agus le cur ó mhaith.
Under the rules agreed with China there is no arrest but the suspension of trade as soon as a case of BSE is detected.
Faoi na rialacha atá aontaithe leis an tSín níl aon ghabháil as ach an tráchtáil a chur ar fionraí chomh luath is a aimsítear cás BSE.
It is up to the Chinese authorities to decide when the suspension can be lifted.
Is faoi údaráis na Síne cinneadh a dhéanamh cén uair ar féidir an fhionraíocht a chur go leataobh.
In the Spring when Irish beef was allowed back, Bord Bia organized a major promotional campaign to promote the country's meat in a country with 1.4 billion consumers.
San Earrach nuair a ceadaíodh ar ais mairteoil na hÉireann d’eagraigh an Bord Bia mórfheachtas bolscaireachta le feoil na tíre a chur chun cinn i dtír ina bhfuil 1.4 billiún tomhaltóir.
But the sale was rather weak from the beginning.
Ach sách lag a bhí an díol ón tús.
It was worth €96 million in 2019.
Luach €96 milliún a bhí ann i 2019.
Atypical BSE which can occur in an older cow is not the same as typical BSE which animals contract from contaminated food.
Ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe.
The Department of Agriculture says that there was not the least risk that the animal could catch the acid in the human food chain.
Deir an Roinn Talmhaíochta nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t- ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil.