jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2d8s27pp
The Taoiseach discussed the Middle East and Ukraine with Trump.
An Meán Oirthear agus an Úcráin pléite ag an Taoiseach le Trump.
Taoiseach Simon Harris spoke to the President-elect of the United States Donald Trump today.
Labhair an Taoiseach Simon Harris le hUachtarán tofa na Stáit Aontaithe Donald Trump inniu.
It was while canvassing for the general election in the Letterkenny area this afternoon that Simon Harris accepted the call.
Ba le linn dó a bheith ag canbhasáil don olltoghchán i gceantar Leitir Ceanainn tráthnóna a ghlac Simon Harris leis an ghlaoch.
Simon Harris said he congratulated Donald Trump on his victory in the presidential election.
Dúirt Simon Harris gur thréaslaigh sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta le Donald Trump.
He will succeed President Joe Biden on January 20, 2025 - his second term as president of the United States.
Tiocfaidh seisean i gcomharbacht ar an Uachtarán Joe Biden ar an 20 Eanáir 2025 - an dara téarma aige ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
The Taoiseach said he discussed the "terrible state of affairs in the Middle East" and the war in Ukraine during their conversation.
Dúirt an Taoiseach gur phléigh sé an "bhail uafásach atá ar chúrsaí sa Mheán Oirthear" agus an cogadh san Úcráin le linn a gcomhrá.
"The world is a bleak and dark place right now," said Simon Harris, and he said he told the President-elect he wants to "see peace and an end to the killing of civilians."
"Áit dhuairc agus dhorcha é an domhan faoi láthair," arsa Simon Harris, agus dúirt sé gur chuir sé in iúl don Uachtarán tofa gur mian leis "síocháin a fheiceáil agus deireadh á chur le marú na sibhialtach."