jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/264p8m56
New Government jet to be purchased for over €53 million.
Scairdeitleán nua Rialtais le ceannach ar bhreis is €53 milliún.
The Department of Defence is to purchase a new Government jet for €53 million plus value added tax.
Tá an Roinn Cosanta le scairdeitleán nua Rialtais a cheannach ar €53 milliún móide cáin bhreisluacha.
It is a long-range Falcon 6X jet and is expected to be ready for operation in a year.
Scairdeilteán fadraonach den déanamh Falcon 6X is ea í agus meastar go mbeidh sí réidh le cur i mbun oibre i gceann bliana.
The French-made Falcon 6X has a range of over 5,000 nautical miles.
Tá raon breis agus 5,000 muirmhíle ag an Falcon 6X a dhéantar sa Fhrainc.
The current Government jet is rarely used.
Ní bhaintear leas ach go hannamh as an scairdeitleán Rialtais atá ann faoi láthair.
It is a Learjet that the State purchased thirty years ago and which is now experiencing many technical difficulties.
Learjet is ea í a cheannaigh an Stát tríocha bliain ó shin agus a bhfuil go leor deacrachtaí teicniúla ag baint léi anois.
In fact, she failed several times in times of need last year.
Go deimhin, chlis sí roinnt uaireanta in am riachtanais anuraidh.
It was used this year to take people to hospital in emergency situations rather than on the Government's business advice.
Is le daoine a thabhairt chun an ospidéil i gcásanna éigeandála a baineadh leas aisti i mbliana seachas faoi thuairim ghnó an Rialtais.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ