jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2a7xaqcr
The Taoiseach was shocked by what happened in the White House.
Alltacht ar an Taoiseach faoinar tharla sa Teach Bán.
'I believe that Europe will stand with Ukraine' said An Taoiseach, Micheál Martin tonight.
'Creidim go seasfaidh An Eoraip leis an Ucráin' a dúirt An Taoiseach,Micheál Martin anocht.
He was being interviewed on RTÉ's television program 'The Late Late Show', giving his opinion on the White House standoff between American President Donald Trump and Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy.
Bhí sé i mbun agallaimh ar an chlár teilifíse de chuid RTÉ 'The Late Late Show' agus é ag tabhairt a thuairime faoin achrann sa Teach Bán idir Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy.
The Taoiseach said it was an incident that would hurt many people and that everything that happened was 'unbelievable'.
Dúirt an Taoiseach gur eachtra í a ghoillfeadh ar chuid mhór daoine agus go raibh gach ar tharla 'dochreidte'.
'But we can't lose hope because of this' said Micheál Martin.
'Ach ní féidir linn dóchas a chailleadh dá bharr' a dúirt Micheál Martin.
'We must keep a close eye on ourselves, always maintain relations with the United States and other parties so that the security that comes from Ukraine can be ensured,' he also said.
'Caithfidh muid guaim a choinneáil orainn féin, an caidreamh a choinneáil i gcónaí leis na Stáit Aontaithe agus páirtithe eile ionas gur féidir an tslándáil atá ón Úcráin a chinntiú' a dúirt sé freisin.
The Taoiseach referred to the sanctions imposed by Europe on Russia, saying 'Russia is not as strong as people think'.
Thagair An Taoiseach do na smachtbhannaí atá buailte ag an Eoraip ar an Rúis ag rá 'nach bhfuil An Rúis chomh láidir is a cheapann daoine'.
The Tánaiste, Simon Harris, also stood with Ukraine tonight.
Sheas An Tánaiste,Simon Harris leis an Úcráin freisin anocht.
'There is a risk that World War 3 is not far away if you don't change your ways'.
'Tá an baol ann ná fada uainn Cogadh Domhanda 3 mura n-athraíonn tusa do chuid béasaí'.
That was the threatening message that President Trump had for President Zelenskyy at the White House in Washington this evening.
Sé sin an teachtaireacht bhagartha a bhí ag an Uachtarán Trump don Uachtarán Zelenskyy sa Teach Bán i Washington tráthnóna.
Donald Trump said that it is swimming against a waterfall for Ukraine to expect to win the war against Russia now, that President Zelinsky should 'be grateful to America' and not be 'disrespectful' as he put it.
Dúirt Donald Trump gur snámh in aghaidh easa don Úcráin a bheith ag súil an cogadh in aghaidh na Rúise a bhuachan anois, gur cheart don Uachtarán Zelinsky 'a bheith buíoch do Mheiriceá' agus gan a bheith 'dí-mheasúil' mar a dúirt sé.
No press conference was held after the meeting, President Zelinskyy was ordered out of the White House and Trump later said he could return when he felt like 'talking about peace'.
Níor tionóladh aon phreasagallamh i ndiaidh an chruinnithe, ordaíodh amach as an Teach Bán An tUachtarán Zelinskyy agus dúirt Trump ina dhiaidh go bhféadfadh sé filleadh nuair a bheadh fonn air 'labhairt faoin tsíochán'.
The Taoiseach with President Zelenskyy yesterday
An Taoiseach leis an Uachtarán Zelenskyy inné