Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,129 episodes available.
July 12, 2022Thomas Byrne, Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha,Leag Cathaoirleach an Choiste 1922 den pháirtí Caomhach, Sir Graham Brady, amach an clár ama aréir do phróiseas roghnúcháin ceannaire nua an Pháirtí. Ní bheidh ceannaire nua fógraithe go dtí an 5ú Mheán Fómhair - ach cá seasann cúrsaí idir rialtas na hÉireann agus an Bhreatain idir an dá linn....more6minPlay
July 12, 2022Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir Raidió na Gaeltachta.Cuireadh cruinniú Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar ceal inné nuair a rinneadh líomhaintí gur goideadh fón póca an Comhairleoir Chontae Gary Doherty....more6minPlay
July 12, 2022Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála, Sinn Féin.Cuirfidh Sinn Féin rún mímhuiníne sa rialtas os comhair na Dála inniu. Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh sé fós dóchasach go raibh seans ann go n-éireoidh leis an rún...more6minPlay
July 12, 2022John Downing, Irish Independent.Cuirfear rún Shinn Féin mímhuiníne sa rialtas os comhar na Dála inniu agus beidh go leor le plé ag cruinniú rialtais ar maidin; maoiniú do na fórsaí cosanta ina measc....more6minPlay
July 12, 2022Conall Ó Cíobháin, rúnaí Chumann Caide na Gaeltachta.Tá sciob sceab ar thicéadaí don chluiche ceannais chraobhchomórtas sinsear caide na hÉireann idir na contaetha Gaeltachta Ciarraí agus An Ghaillimh. Deir Conall Ó Cíobháin gur tríd na cumainn is fearr na ticéadaí dos na cluichí a dháileadh....more5minPlay
July 12, 2022Catherine Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh-Thiar.Tá easpa daonnachta mór le feiceáil ó thaobh cúrsaí san ospidéal i nGaillimh, a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly. Dúirt sí go bhfuil cúrsaí chomh dona san ospidéal anois go bhfuil daoine ag caitheamh seachtaine ar thralaí san Aonad Éigeandála....more6minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,129 episodes available.