Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,129 episodes available.
July 12, 2022Máirín Hurndall, Tráchtaire AontachtachInniu an 12ú d’Iúil - lá chomóradh don Ord Oráisteach - lasadh na céadta tine cnámh aréir i gceantracha dílseachta sna sé Chontae chun tús a chur leis na himeachtaí....more9minPlay
July 11, 2022Tom Ó Muirigh.Dúirt Tom O Muirigh ball den Ghrúpa "Pobail ar an Teorann in éadan na Breatimeachta" go bhfuil siad chomh gnóthach agus chomh gníomhach agus a bhí riamh, in ainneoin nach bhfuil siad i mbéal an phobail le tamall. Labhair sé le Frances Nic Géadaigh....more6minPlay
July 11, 2022Eoin Ó Murchú, Iriseoir agus Colúnaí le tuairisc.ieTugadh ugach don rialtas aréir nuair a dheimhnigh an Teachta Dála d'Fhine Gael Joe Mc Hugh agus an Teachta Dála neamhspleách Marc McSharry go vótáilfaidh siad leis an rialtas sa rún mímhuiníne a chuirfeas Sinn Féin os comhair na Dála amárach....more7minPlay
July 11, 2022Seán Ó Cadhain, Tráchtaire, Newcastle, Sasana.Tá aon chloigeann dhéag, go dtí seo, in iomaíocht do cheannaireacht an Pháirtí Chaomhach. Is iad Liz Truss agus Rehman Christi na daoine is deireanaí atá théis a bhfeachtais cheannaireachta a fhógairt....more8minPlay
July 11, 2022Mairéad Farrell, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.Ní mórán tairbhe atá sa scéim An Chéad Bhaile a sheol an rialtas an tseachtain seo caite do dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil ar a gcuid talún féin faoin tuath a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell....more10minPlay
July 11, 2022Dr. Rónán Kennedy, leachtóir le Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.Sceitheadh eolais ollmhór leis an gCuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchta a léiríonn go ndearna an comhlacht idirnáisiúnta UBER stocaireacht ar pholaiteoirí faoi leith ó 2013 go 2017 chun cúnamh a thabhairt dóibh cur as don tionscal tacsaí san Eoraip....more6minPlay
July 11, 2022Conn Ó Muíneacháin, Iriseoir Raidió na Gaeltachta.Bhí ceann des na blianta ab fhearr riamh ag earnáil na turasóireachta sa Daingean i gCo. Chiarraí anuraidh, agus a bhuíochas go mór le muintir na hÉireann a chuaigh ar saoire ina dtír féin. Ach conas mar atá i mbliana sa Daingean, anois go bhfuil an rogha arís ag Éireannaigh a gcuid laethanta saoire a chaitheamh thar lear?...more6minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,129 episodes available.