Bhí MacDara ag cur síos ar a athair Johnny Joe Pheaitsín 'ac Dhonncha. Bheadh sé 100 bliain inniu dá maireadh sé. Mír na Cartlainne - Agallamh a rinne Máirtín le Johnny ar an 02 Deireadh Fómhair 1996.
Tá Felicitas ar cuairt in Éirinn faoi láthair agus tá sí istigh in Árainn faoi láthair le Treasa Ní Mhiolláin agus í ag foghlaim cúpla amhrán uaidh Threasa.
Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair an lá a bhfuaraíonn an chloch ghlas an t-uisce ar bhfarraige agus ar an talamh dar le traidisiún cheantar na Coille Móire. Bíonn an fíoruisce níos fuaire ó lá inniu go dtí lá Buí Bealtaine ar feadh seacht mí.
Bhí John Beag istigh ag casadh an t-amhrán nua a chum sé "An Baile sin Againne". Chum John an tamhrán de bharr chomh buailte is atá baile Leitirmealláin agus Conamara thrí chéile.
John Beag Ó Flatharta - Ag casadh amhrán nua a chum sé "An Baile sin Againne": Seán Ó hÉanaigh - Sruth na Maoile ag ceiliúradh fiche cúig bliain ar an aer.
Bhí Seán ag labhairt ar an gclár Sruth na Maoile atá fiche cúig bliain ar an aer. Beidh ócáid ceiliúradh ar siúl oíche Dé Sathairn in Ionad "Glór" in Inis, i gCo. an Chláir ag ocht a chlog áit a mbeidh amhránaithe agus ceoltóirí.
Johnnie Bailey, nach maireann - Rinne cur síos ar an mbád iascaigh An Naomh Cailín agus ar an mbád seoil An Capall.
28 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.