Ag cur síos ar an rása báid a bhéas ann Dé Domhnaigh seo chugainn i gcuimhne agus in omós dá dheartháir Michael a fuair bás deireadh mhí Iúil na bliana seo. Beidh an rása ag tosnú ag Cuan Chaisín dul suas go céibh Chill Chiaráin agus ag críochnú ag Aill na gCorc.
Rugadh agus tógadh an Monsignor ar an gCorrán, Achaill. Ornaíodh ina shagart é i 1965. Tá a shaol sagartóireacht caite aige i bhFlorida agus rinne sé cur síos do Mháirtín ar an saol sin.
Beidh Seó Faisiún ar siúl sa G Hotel i nGaillimh, Dé hAoine an 20 Meán Fómhair, ar mhaithe le airgead a bhailiú do mhac Ann Marie, Tomás a bhfuil Celebral Palsay air. Teastaíonn ón gclann an teach a athchóiriú dá chathaoir rotha.
Tá a shaol caite aige ag obair le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus mar gheall ar sin bhronn an Comhaltas Gradam air le gairid. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair ag an ocáid.
Róisín Seoige - Ambassadóir oíche Chultúrtha: Píosa Filíochta - An Fharraige á rá ag Cáit Ní Choisdealbha: Séamus Ó Gabháin - Tobar Chuana: Dara Phat Stephen O'Toole - Ceol.
Tá Róisín le bheith ina Ambassadóir don oíche chultúrtha a bhéas ar siúl Dé hAoine ar an Spidéal. Beidh lear mór amhránaithe agus ceoltóirí ag teacht le chéile Tigh Ghiblin Dé hAoine.
Beidh ceiliúradh dá dhéanamh ar thobar Chuana tobar beannaithe i gCaladh na Muc , Dé hAoine seo chugainn. Tá an tobar seo ann le cúpla céad bliain. Bhíodh cáil ar an tobar mar áit a rachadh daoine le leigheas na súl a fháil.
16 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.