Bhí Dara ag labhairt faoina chuid ceoil ar an meloidean. Tá dlúthdhiosca atá déanta aige le cúnamh óna mhac, tá súil aige an dlúthdhiosca a chur in oiriúint le díol sna siopaí amach anseo.
Ag cur síos ar chúrsaí vótála agus an athrú atá feicithe aige. Bhíodh ar dhuine a bheith 21 sula raibh cead aige vótáil fadó agus rinne sé cur síos ar roinnt rudaí eile.
Tá leabhar foilsithe ag Caitlín do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Is é ainm an leabhar ná "Abair Arís É". Beidh an leabhar á sheoladh i mí Meitheamh. Bíonn Caitlín ag múineadh ranganna Gaeilge freisin i mBéal an Mhuirthead i rith an Gheimhridh.
Ag labhairt faoi gur fhógair an Pápa le gairid go cheart do dhaoine dhul do Medigoure mar go bhfuil rud éigin ann agus go bhfuil seans ann go bhfaighidh sé an taitheantas ceart fós.
Aodán Mac Donnacha - Gleoiteog "Ceol na Mara" á lainseáil i gCéibh Chaladh Thaidhg: Áighne Ní Chadhain - Seó "Celtic Dream the Show": Pádraic Laffey - Cluiche Peile.
Beidh an Gleoiteog "Ceol na Mara" á lainseáil i gCéibh Chaladh Thaidhg tráthnóna Dé Sathairn. Tá Ceol na Mara déanta suas as an nua ag Aodán agus ba ag a Uncail Cóilín a bhí an bád ar dtús beannacht Dé leis.
Ag cur síos ar an seó "Celtic Dream the Show" atá le tosnú, Dé Luain i dTeach Ósta, Monroe's i gCathair na Gaillimhe. Beidh idir ceol, damhsa agus amhránaíocht sa seó seo. Is í Áighne an t-aon amhránaí atá sa Seó agus beidh Orla Leavy as an Aird Mhóir ag ceol ann.
20 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.