Daríona Nic Dhonnacha agus Áine Durkin - Comórtas Pan Ceilteach 2019: Jó Ní Chéide - Gradaim bhliantúil Glór Tíre Jó ainmnithe: Treasa Ní Mhiolláin - Dlúthdhiosca nua "Lán Mara".
Is í Daríona a thug léi Comórtas Pan Ceilteach 2019 i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine leis an amhrán "Ní Thuigim" a scríobh Áine Durkin. Chuir an bheirt acu síos ar an oíche a bhí acu agus chomh sásta agus chomh bródúil agus a bhí siad.
Tá coirmcheoil mhór ar siúl anocht i nÓstán Slieve Russell i gContae Chabháin áit a mbeidh na gradaim bhliantúil Ceol Tíre á mbronnadh. Tá Jó ainmnithe le haghaidh Gradam speisialta de bharr an méid a dhéanann sí do Ghlór Tíre na hÉireann.
Beidh dlúthdhiosca nua le Treasa "Lán Mara" á sheoladh Dé Sathairn seo chugainn an 04 Bealtaine ag Féile Sheosamh Uí Éanaigh i gCarna agus arís ar an 12 Bealtaine in Óstán Árann i gCill Rónáin.
Máirtín Chóilín Choilimín Seoighe, Anraí Ó Tuathail agus Tomás Mac Confhaoladh - Máirtín agus Henry ag comhrá le Tomás Mac Confhaoladh faoi lá na rásaí i Leitir Móir sna caogadaí.
Beidh Deirdre ag tabhairt léacht faoin sagart iomráiteach An tAthair Domhnall Ó Morchadha ó Chontae Shligigh agus a mhair idir na blianta 1858 agus 1935 ar an Satharn 04 Beatlaine ag Féile Joe Éinniú in Áras Shorcha Ní Ghuairim.
Tony MacMahon - casadh "Cúnla": Cathy Jordan - Comhrá le Máirtín Tom Sheáinín: Paddy Glackin - Píosaí Ceoil: Joe Éinniú - amhrán "Sciobairín" agus Cúnla: Tony MacMahon - ceol "Joe Mháire Mhicilín agus Scaipeadh na gCléití.
21 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.