Beidh Físdhiosca digiteach (DVD)faoi shaol agus faoi shaothar Mhicheál Daibhéadh dhá sheoladh i Músaem Mhicheál Daibhéad, Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, Déardaoin seo ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail Michael Ring. Rinne Emma cur síos ar a bhfuil le feiceáil sa DVD seo.
Tá Róisín ag dornálaíocht le club Dornálaíocht Chonamara ó bhí sí dhá bhliain déag. Bíonn sí ag troid sa meáchan 69 Kilo. Beidh troid mhór aice i mBaile na Manach i mí Iúil áit a mbeidh dornálaithe as tíortha eile ag teach go hÉirinn ag troid. Tá suim mhór ag Róisín i gcapaill freisin.
Tá an Moinsíneoir Willie Dever cheithre bliana is leathchéad i Florida Mheiriceá. Is ar an séú Meitheamh 1965 a ordnaíodh ina shagart é agus chuaigh sé go Florida gairid ina dhiadh sin áit atá sé ag maireachtáil ann ó shin. Rinne sé cur síos do Mháirtín ar a shaol i Florida agus fás aníos ar an gCorrán.
Tá grúpa dornálaithe ó chlub dornálaíocht Phort Laoise ar cuairt anseo i gConamara an tseachtain seo agus iad ag déanamh seisiúin traenála le dornálaithe Chlub Dornálaíocht Chonamara.
Mír na Cartlainne - Seán Ó Tuairisg, Pól Ó Foighil, Éamon Ó Méalóid, Seán Ó Máille, Micheál Ó Móráin agus Joe Molloy - Díospóireacht a bhí ag iarrthóirí Chonamara sa toghcháin áitiúil sa mbliain 1979.
Seán Ó Murchadha - Bás a bhean chéile agus leoraithe Tigh Mhairtín Mhóir: Máirtín Choilín Seoige agus an Máistir Connolly nach maireann - Tóstal na Gaillimhe.
55 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.