Bríd Uí Fhiannachta agus Máirín Bhearthla Sheáin Ní Chualáin - FA Cup: Máirtín Ó Súilleabháin - Tomhais: Sarah Ghriallais agus Antaine Ó Faracháin - Gradamh Shean-nós Cois Life.
Beidh cluiche leathcheannais an FA Cup ar siúl an deireadh seachtaine seo agus beidh foireann Bhríd agus Mháirín ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Sthairn, tá Manchester City ag Bríd agus Brighton & Hove Albion ag Máirín.
Beidh Gradam Shean-Nós Cois Life ar siúl ar an Satharn seo chugainn 06 Aibreán i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Beidh Gradam Shean-Nos Cois Life dhá bhronnadh i mbliana in ómós ar chlann Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile.
Ar an 4ú lá de Mheán Fhómhair 1828 d'fhág bád an Caisleán Nua, Anach Cuain le dhul ag aonach go Gaillimh. Bhí aon nduine dhéag is fiche sa mbád chomh maith le deich gcaora agus ualach adhmad. Tharla tragóid nuair a chur caora a crúb thríd an mbád agus bádh aon fhear déag agus ochtar mná.
Beidh Ceardlann Earraigh Bhord Chill Dara ar siúl i gCill Droichid i gCill Dara ar an Satharn 13 Aibreán agus rangann go leor ar siúl ar feadh an lae. Beidh an ceolchoirm ar siúl san oíche agus is í Neansaí Ní Choisdealbha atá le bheith ina bean an tí.
Clár iomlán in onóir agus in ómós duine de laochra móra sean-nóis na linne seo. Nóra Ghriallais Mhic Dhonnchadha as Muiceanach Idir Dhá Sháile. D’fhág Nóra slán leis an saol seo ar an Satharn 23 Márta agus cuireadh i gcré na cille í i reilig na bhforbacha Dé Luain.
Is as cathair na Mart do Phádraic ó dhúchas ach tá cónaí air i Tenerife le chúig bhliana déag. Is ag feiliméaracht a bhíonn sé agus teastaíonn uaidh fáil réidh le luifearnach atá ag fás ar an bhFeilim.
Maidhlín Liam Mac Donnchadha, nach maireann - As an gCnoc, Leitir Mealláin do Maidhlín rinne sé píosa le Máirtín i Nollaig 1994.
15 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.