Ag cur síos ar an eagraíocht "Home Share Galway" eagraíocht a thugann briseadh do dhaoine le míchumas intleachta. Beidh siúlóid 8Km ar siúl ar an gCeathrú Rua ar an Domhnach 14 Aibreán ag tosú ag Tigh Nan Dooley ag 12 meán lae.
Beidh réamhléiriú an dráma "Jingle Bang Jangle" sa Taibhdhearc oíche amárach agus beidh an dráma fhéin le feiceáil ar stáitse ó Déardaoin go dtí Dé Domhnaigh.
Pat Mhichael Ó Cualáin - Beidh an tarraingt deireadh do 50/50 Fhéile an tSrutháin ar siúl ar an Aoine an 29 Márta, Tá os cionn €12,000 bailithe acu go dtí seo.
Tá fiche trí amhrán sa leabhar "File agus Amhráin na Cille Móire" agus tá trí cinn déag de na h-amhráin ar dhlúthdhiosca. Rinne Pádraig cur síos ar an leabhar agus an stair a bhaineann leis na h-amhráin atá inti.
Joe Phada Ó Conghaile, nach maireann, Pat Willie Ó Gríofa, nach maireann agus Seán Cheoinín - Clár a rinne Maidhc P. Ó Conaola le Joe, Pat agus Seán i 1982 ag cur síos ar na báid mhóra.
Ag labhairt faoi go mbeidh an comórtas Náisiúnta Pan Ceilteach ar siúl i Visual agus Amharclann GB Shaw i gCeatharlach ar an Satharn seo an 23 Márta. Is ocht gcinn déag de amhráin atá sa gcomórtas agus tá chúig cinn acu as Conamara.
Bhí Caitríona, Paul agus Eilís sa nGearmáin le haghaidh deireadh seachtaine na Féile Pádraig. Rinne Caitríona cur síos ar an deireadh seachtaine a bhí acu ann.
11 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.