Beidh Nóibhéine Mháthair na Síor Chabhrach ar siúl i gCill Chiaráin an tseachtain seo. Bhí sé beartaithe ag Mary oilithreacht a dhéanamh go Fatima an fómhar seo, ach tá sé sin athraithe aici anois, is go Lourdes atá siad le dhul i mí Lúnasa.
Mír na Cartlainne - Maidhc Stiofáinin Seoige, nach maireann as Cnoc Chathail Óig ó dhúchas agus Rath Cairn. Sa clár seo cloiseann muid Maidhc ag caint le Máirtin in mBaile Áth Buí ar an 31 Lúnasa 2008, nuair a bronnadh gradam Éigse Uí Ghramhnaigh.
Tá Felicitas ag tabhairt cuairt ar Éirinn arís i mbliana le freastal ar "Scoil Cheoil an Earraigh" atá le bheith ar siúl i gCiarraí an tseachtain seo chugainn.
Tá Bingo mór le bheith ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Thír Fhia, oíche Dé Sathairn seo chugainn i nIonad Pobail Leitir Móir ar mhaithe le airgead a bhailiú den obair fheabhsúcháin atá le déanamh ar an scoil. Tá súil acu tosaigh ar chlós nua agus ar pháirc Astro go gairid.
Clár ar Dharach Ó Catháin - Darach Ó Catháin, nach maireann ag caint le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Bidín Uí Chatháin, bean chéile Dharach Ó Catháin -
Joe Steve Ó Neachtain, maireann & Máirín Uí Neachtain - Agallamh beirte - "An tAifreann is an tEaspag":Máirtín Ó Duitche & Seán Ó Cearnaigh: Tom a tSeoighe -Amhrán an Raidió: John Beag & Danny de Bhailís- Agallamh beirte "An Glór agus an tÉadan": John Beag - Amhrán na Teilifíse: Johnny Chóil Mhaidhc & Máirtín Jaimsie - Scrúdú Tomána.
Bhí Bríd ag labhairt faoi na hAintín Máire Uí Mhuineacháin atá 101 bliain d'aois inniu. Is duine de chúpla í Máire. Phós Máire agus bhí ceathrar clainne uirthi.
I mír na Cartlainne - Mary Uí Mhaoláin as Baile na Cille ag caint le Máirtín i mí na Samhna 1989 ar an gclár, Casadh an tSúgáin. Chas sí amhrán a chum sí féin faoi Bhaile na Cille agus chas sí an t-amhrán Nancy Walsh.
15 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.