Ag cur síos ar na hathraithe atá déanta ar an veain luais ar fud na tíre. Thug an Bleachtaire le fios go mbeidh an veain luais seo ar an mbóthar chomh minic san oíche agus a bhíonn sí sa lá.
Mír na Cartlainne - Maidhc Dainín Ó S, nach maireann, Tom Mhorris Ó Súilleabháin, nach maireann, Maidhc Stiofáinín Seoighe, nach maireann agus Michael Dhonnchú, nach maireann.
Tá leabhar scríofa ag Máirtín dar teideal "The lost Gaeltacht". Beidh sí á láinseáil i mBaile Ailín, i gCo. na Mí ar an 20 Márta agus Tigh Bhúrca ar an bhFáirche ar an 27 Márta.
Beidh ócáid "Wellness Event" ar siúl in Óstán Chois Fharraige ar an 07 Márta áit a mbeidh daoine as Meiriceá agus as Éirinn ag caint ar an mbealach is fearr le breathnú amach duit féin ó thaobh sláinte de.
Felicitas Payk - Scoil Cheoil an Earraigh: Áine Durkin, Gráinne Ní Fhátharta, Bláthnaid Ó Brádaigh, Bríd de Róiste agus Shane Hennessy - Comórtas Náisiúnta Pan Ceilteach.
Bhí Felicitas ar cuairt i mBaile an Fheirtéaraigh ag Scoil Cheoil an Earraigh an tseachtain seo caite. Bhí ag cur síos ar an tseachtain a chaith sí ag an scoil cheoil.
Bhí comórtas Náisiúnta Pan Ceilteach ar siúl i gCeatharlach oíche Dé Sathairn agus is é an t-amhrán "Mar a Bhíonn" a chum Áine Durkin agus a chas Gráinne Ní Fhátharta, a dhéanas ionadaíócht ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta faoi cháisc.
Bríd de Róiste - Comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach: Mír na Cartlainne.
58 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.