Mír na Cartlainne - Darach Ó Catháin agus a bhean Bidín Chatháin nach maireann. Cothrom an lae inniu sa mbliain 1922 a rugadh Darach Ó Catháin agus ba cothrom an lae inné 29 Meán Fómhair, 1987 a bhásaigh sé.
Ar an 13 Lúnasa a tharrtháil Patrick Oliver agus a mhac Morgan na col ceathracha Sarah Feeney agus Ellen Glynn a bhí ar iarradh ón oíche roimhe nuair a d'imigh siad le sruth agus iad ag seaschéaslóireacht amach ó thra na bhForbacha. Chum Aingeal píosa filíocht in ómós Patrick agus Morgan Oliver.
Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine 18 Meán Fómhair. Is é Pól atá le bheidh ina ambasadóir ar Oíche Chultúir na bliaina seo agus de bharr na srianta sláinte ní bheidh sé inann taisteal agus mar sin is oíche Airneáin Teaghlaigh atá le bheith ann.
Chuaigh Máirtín ar cuairt ag Mike Phoppy tráthnóna Dé Satharn le linn stoirm Jorge. Bhí scéalta go leor ag Mike faoi stoirmeacha agus Tower Cheann Gólaim.
Bhí Mary ar dhuine de na daoine a d'fhág Geann Tréig sa mbliain 1940, nuair a bhí seacht mbliaina agus a thug a n'aghaidh ar Bhaile Ailín, i gContae na Mí.
19 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.