A tháinig na bhaile go Cúl na gCuirdín i nDún na nGall, an tseachtain seo mar gheall ar spréadh covid19. Beidh Barra ag teagasc ranganna Gaeilge agus amhránaíochta ar líne ón bhaile anois.
Ta amhrán úr cumtha ag Gearóid, amhrán dár teideal Athrú Ar An Saol, cuireann Gearóid síos fosta ar chomh deacair agus atá sé do cheoltóirí slí beatha a bhaint amach le linn géarchéim an COVID19.
Gach seachtain ó thosaigh an Covid19, tá sé ag tabhairt deis dúinne anseo ar Bhladhaire éisteacht arís le h-aíonna a bhí againn sa chathaoir ó thosaigh an chlár, inniu sí Pádraigín Ní Uallachain atá linn arís.
Beidh imeacht mhór cheoil ar siúl san oíche amárach beo ar an idirlín le h-airgead a chruinniú do hOtharlann na Leanaí , Sráid An Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Ag fógairt buaiteoir an chomórtais filíochta a bhí a reáchtáil ar an chlár an tseachtain seo. Sé Seán Ó Gráinne, as Contae na Gaillimhe a bhain an comórtas.
Tá Chloe ag staidéar i mBaile Átha Cliath, ach tá sí sa bhaile i gContae Mhaigh Eo ó dúnadh na ollscoileanna. Tá sí ag obair le Mindspace Mayo ag tacú le daoine óga san am dúshlánach seo.
9 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.