Cuireann Seán síos ar an dóigh an bhfuil an géarchéim COVID19 ag cur isteach ar féin mar dhuine a raibh trasphlandú duain aige i 2007. Fuair sé treoir óna dhochtar fánach sa bhaile ar an dara lá déag de Mharta agus tá sé sa bhaile ó shíon.
Tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh eolas a bhailiú ó phobal na Gaeilge, ar bhonn náisiúnta, cuireann Ursula ar an eolas muid cén aidhm atá leis an togra seo
Bhí Neansaí Ní Choisdealbha, an craoltóir agus an ceoltóir linn ar Bhladhaire ag deireadh na bliana seo caite, agus tá deis eile agaibh anseo éisteacht leis an cheol agus an chomhrá sin idir Áine agus Neansaí.
Tá Dónall ar dhuine de na buaiteoirí do Ghradam McNamee an Chumainn Lúthchleas Gael i mbliana, don fhoilseachán CLG is fearr i 2019, leis an leabhar a scríobh sé “ The Forgotten Gaelic Volunteer”.
Tá clár úr do dhaltaí bunscoile a thaispeáint ag RTÉ le linn de na scoileanna a bheith druidte agus tá eolas ag John faoin mhéid atá a chlúdach sa chlár seo.
Ag tabhairt comhairle ar an dóigh a dtig Yoga a úsáid le cuidiú le daoine óga. Tá sé ag cur físeáin ar líne i nGaeilge do phaistí le cuidiú le cúrsaí sláinte coirp, inchinne agus cur chun cinn na Gaeilge.
Mír ceoil na seachtaine seo ag Emma dúinn. Ag cur síos ar seisiún ceoil saor in aisce atá le fáil ar an idirlín faoi láthair ó cheoltóirí aitheanta, agus ar podchraoltaí maith le héisteacht leo agus daoine sáinnithe sa bhaile.
10 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.