Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
March 26, 2025Blúiríní Nuachta – 26/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: éilíonn na hEorpaigh go mbeadh cosaint agus aontacht níos fearr ag an Aontas, dar le suirbhé nua Eorabharaiméadair; tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach ar cheadúnais tiomána digiteacha agus rialacha níos déine do thiománaithe nua; freastalóidh comhaltaí an Choiste um Fhorbairt ar an gcruinniú mullaigh: Cothú le haghaidh Fáis i bPáras....more3minPlay
March 25, 2025Blúiríní Nuachta – 25/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ag prapáil don chéad seisiún iomlánach eile. An tseachtain seo chugainn, in Strasbourg, pléifidh na Feisirí slándáil, beartas eachtrach agus iomaíochas eacnamaíoch an Aontais; Lá Domhanda an Uisce: conas a théann an tAontas i ngleic le ganntanas uisce agus teacht ar uisce glan a chosaint....more2minPlay
March 24, 2025Blúiríní Nuachta – 24/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tionólann an Coiste Speisialta um an nGéarchéim Tithíochta comhdháil maidir le tithíocht inacmhainne san AE; formheasann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta sa Pharlaimint dhá thogra chun cúnamh airgeadais a thairiscint don Éigipt agus don Iordáin; tiocfaidh reachtóirí agus saineolaithe tionscail le chéile sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar straitéisí chun bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha na hEorpa a leathnú....more2minPlay
March 21, 2025Blúiríní Nuachta – 21/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: an tríú hidirphlé airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde; ardán digiteach nua de chuid an Aontais chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú; ról an Aontais sna Náisiúin Aontaithe a neartú....more3minPlay
March 20, 2025Blúiríní Nuachta – 20/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Pléann na Feisirí faoi chosaintí níos láidre d’fhoraoisí na hEorpa; Tá Coistí Comhshaoil agus Margaidh Inmheánaigh na Parlaiminte ag iarraidh rialacha níos déine d’athchúrsáil feithiclí; pléann Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta conas ról an Aontais i gcearta an duine sna Náisiúin Aontaithe a neartú....more2minPlay
March 19, 2025Blúiríní Nuachta – 19/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: reáchtálfaidh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an tríú idirphlé airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Christine Lagarde; pléifidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta na himpleachtaí do fhrithbhearta trádála an Aontais arna nglacadh mar fhreagra ar tharaifí na Stáit Aontaithe ar tháirgí an Aontais; vótálfaidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta chomh maith ar dhá thogra chun cúnamh macra-airgeadais a sholáthar in iasachtaí don Éigipt agus don Iordáin....more2minPlay
March 18, 2025Blúiríní Nuachta – 18/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Magnus Brunner, an Coimisinéir um Ghnóthaí Inmheánacha agus Imirce, ag caint leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, Ceartas agus Gnóthaí Baile; tugann an Breitheamh Tomoko Akane, Uachtarán na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, aitheasc don Fhochoiste um Chearta an Duine agus don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla; freastalaíonn toscaireacht ó Choiste um Chearta Ban agus um Chomhionannas Inscne na Parlaiminte ar an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan i Nua-Eabhrac....more2minPlay
March 17, 2025Blúiríní Nuachta – 17/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh na forbairtí is deireanaí sa bheartas fuinnimh; pléifidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta rialacha nua d’oiliúnaithe; agus pléifidh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht cearta paisinéirí do dhaoine a úsáideanna modhanna iompair éagsúla dá dturais....more2minPlay
March 14, 2025Blúiríní Nuachta – 14/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: chríochnaigh an suí iomlánach inné. In Strasbourg, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint gur gá don Aontas rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála don Úcráin; ghríosaigh na Feisirí an tAontas agus na Ballstáit chun tacú le fórsaí idirthréimhseacha na Siria; d’fhormheas an Pharlaimint comhaontú freisin faoi shonraí as taifead ainmneacha paisinéirí aeir a aistriú ón Aontas go Ceanada....more3minPlay
March 13, 2025Blúiríní Nuachta – 13/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá an suí iomlánach faoi lánseol; in Strasbourg, vótálann Feisirí ar thogra chun cosaint na hEorpa a neartú; glacann an Pharlaimint dhá rún maidir le tosaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta; agus sa seomra díospóireachta, nocht an Coimisiúin an Gníomh nua um Chógais Chriticiúla....more2minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.