Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
February 26, 2025Blúiríní Nuachta – 26/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar chomóradh tríú bliain ionradh na Rúise, athdhearbhaíonn ceannairí AE a dtiomantas don Úcráin le cúnamh airgeadais, daonnúil agus míleata; an tseachtain seo chugainn, tiocfaidh ceannairí AE le chéile sa Bhruiséil chun smachtbhannaí a phlé, agus cosaint na hEorpa a neartú mar fhreagra ar ionsaí na Rúise; tabharfaidh na Feisirí cuairt ar Éirinn chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail an chiste chomhtháthaithe agus ar fhorbairt réigiúnach....more3minPlay
February 25, 2025Blúiríní Nuachta – 25/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Feisirí an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí in Washington DC chun comhar AE-SAM maidir le beartais dhigiteacha agus tomhaltóirí a neartú; tá toscaireacht ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i Londain chun seirbhísí airgeadais, smachtbhannaí ar an Rúis agus atógáil na hÚcráine a phlé; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha cuairt ar an Moldóiv chun aontachas AE agus tacaíocht airgeadais a phlé....more2minPlay
February 24, 2025Blúiríní Nuachta – 24/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar chomóradh 3 bliana chogadh foghach na Rúise, seasann Parlaimint na hEorpa i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin; tabharfaidh toscaireacht ón bhFochoiste um Chúrsaí Cánach cuairt ar an bhFionlainn agus ar an Eastóin le haghaidh cainteanna maidir le beartas cánach agus iomaíochas; agus tá an Coiste um Shláinte Phoiblí ag seoladh comhairliúcháin phoiblí maidir le galair neamhchoitianta agus sláinte na mban....more3minPlay
February 21, 2025Blúiríní Nuachta – 21/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tháinig na Feisirí agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le mórphlean tacaíochta chun dlús a chur le hathchóirithe na Moldóive, chun a hathléimneacht a neartú agus chun a bealach i dtreo lánpháirtiú san Aontas a chur chun cinn; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Fhorbairt cuairt ar an Tansáin chun measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh Global Gateway; agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha....more3minPlay
February 20, 2025Blúiríní Nuachta – 20/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: le linn na Seachtaine Parlaimintí Eorpaí, iarrann iarUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun iomaíochas na hEorpa a neartú; margadh déanta ag an Aontas chun cur amú bia agus teicstíle a laghdú faoi 2030; agus cuirfidh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha tús lena théarma nua le cainteanna maidir le beartas domhanda....more3minPlay
February 19, 2025Blúiríní Nuachta – 19/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tháinig Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Feisirí Parlaiminte ó na Ballstáit le chéile chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha, bhuiséadacha agus shóisialta na hEorpa; pléann na Feisirí teannas trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe i bhfianaise tharaifí nua na Stát Aontaithe ar shrianta Eorpacha ar onnmhairiú cruach agus IS; agus Aire Sláinte na Polainne chun tosaíochtaí sláinte poiblí a leagan amach faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh....more3minPlay
February 18, 2025Blúiríní Nuachta – 18/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: an tseachtain seo, leanfaidh an Pholainn ar aghaidh ag cur a dtosaíochtaí i láthair na gcoistí parlaiminteacha; beidh an chéad idirphlé eacnamaíoch ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le hUachtarán an Ghrúpa Euro; dar leis an suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí, is iad an costas maireachtála agus an t-athrú aeráide na cúiseanna imní is mó atá ag Eorpaigh óga agus bíonn siad ag brath ar na meáin shóisialta chun nuacht a fháil....more3minPlay
February 17, 2025Blúiríní Nuachta – 17/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola cuairt ar Iosrael, Gaza agus an Bruach Thiar chun tiomantas na hEorpa don tsíocháin réigiúnach a athdhearbhú; pléifidh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, Michael O’Flaherty, príomh-shaincheisteanna lena n-áirítear an Úcráin agus an imirce le Feisirí; pléifidh Leas-Uachtaráin BEI, Robert De Groot, ról an bhainc i gcosaint na hEorpa a neartú, leis an gCoiste um Shlándáil agus um Chosaint....more3minPlay
February 14, 2025Blúiríní Nuachta – 14/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cheadaigh an Pharlaimint athchóiriú CBL chun cánachas cothrom a chinntiú agus calaois a chomhrac; rinne na Feisirí agus an Coimisiún athbhreithniú ar chomhaontú trádála AE-Mercosur i measc ábhair imní talmhaíochta; déanfaidh an Choiste um Rialú Buiséadach measúnú ar bhuiséad fadtéarmach athchóirithe an Aontais....more3minPlay
February 13, 2025Blúiríní Nuachta – 13/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: clár oibre 2025 an Choimisiúin agus stráitéis nua iomaíochais an Aontais; labhair Cathaoirleach Verkhovna Rada, nó Parlaimint na hÚcráine, leis na Feisirí in Strasbourg; áitíonn an Pharlaimint ar an mBanc Ceannais Eorpach aghaidh a thabhairt ar rioscaí geopholaitiúla do chobhsaíocht praghsanna....more4minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.