Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
March 12, 2025Blúiríní Nuachta – 12/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua fós ar siúl. In Strasbourg, leag na Feisirí amach a dtosaíochtaí don chéad chruinniú mullaigh eile den Chomhairle Eorpach; rinne an Pharlaimint Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh; agus labhair an tUachtarán Metsola faoi chomóradh 35 bliana ó dhearbhaigh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin leanúnachas stáit....more4minPlay
March 11, 2025Blúiríní Nuachta – 11/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua ar siúl; in Strasbourg, athdhearbhóidh an Pharlaimint a tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin; tá na Feisirí chun a iarraidh ar AE sócmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin agus chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise; leagfaidh an Pharlaimint straitéis eacnamaíoch, shóisialta agus fostaíochta an Aontais amach do 2025....more2minPlay
March 10, 2025Blúiríní Nuachta – 10/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá suí iomlánach nua faoi lán seoil. In Strasbourg pléifidh na Feisirí cúrsaí slándála agus cosanta an Aontais tar éis Cruinniú Speisialta na Comhairle, agus an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza atá ag dul in olcas; meastar go gcuirfidh an Coimisiún creat dlíthiúil nua i láthair maidir le daoine nach bhfuil ceart dlíthiúil acu a bheith san Aontas Eorpach a sheoladh ar ais....more2minPlay
March 07, 2025Blúiríní Nuachta – 07/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, éilíonn Coiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ról níos láidre do mhná i gcúrsaí síochána agus slándála; beidh vóta ag an bParlaimint ag an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain ar an bPlean Tacaíochta do lánpháirtiú na Moldóive san Aontas, ar fiú 1.9 billiún euro é; beidh plé ag na Feisirí ar iomaíochas an Aontais chomh maith, agus ar an tslí is fearr leis an mbearna scileanna a laghdú....more4minPlay
March 06, 2025Blúiríní Nuachta – 06/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá na feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile in Strasbourg, áit a ndíreoidh siad ar chearta na mban agus ar chosaint na hEorpa; rachaidh an Pharlaimint i ngleic freisin le deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise agus deimhneoidh sí tacaíocht AE don Úcráin; ar an gclár oibre freisin, tá conas slabhraí soláthair cógas leighis criticiúil san Aontas a neartú....more2minPlay
March 05, 2025Blúiríní Nuachta – 05/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh urghnách maidir leis an Úcráin agus maidir le cosaint; roimh chruinniú mullaigh an Aontias Eorpaigh, bhuail Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, le hArd-Rúnaí ECAT, Mark Rutte, agus leag sí béim ar an tiomantas don tslándáil agus don tsíocháin mharthanach san Úcráin; roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, pléifidh an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne slándáil agus cothú na síochána....more2minPlay
March 04, 2025Blúiríní Nuachta – 04/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: neartaíonn na Feisirí bearta cosanta i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí; buann an scannán Laitviach ‘Flow’ - ceann de na scannáin atá ainmnithe do Ghradam Lucht Féachana LUX - gradam Oscar don Phríomhscannán Beochana Is Fearr; seolann Parlaimint na hEorpa comhairliúchán poiblí faoi ghalair neamhchoitianta....more3minPlay
March 03, 2025Blúiríní Nuachta – 03/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, dúshláin gheopholaitiúla ag Comhdháil Ambasadóirí an Aontais 2025; pléifidh an Fochoiste um Chúrsaí Cánach athchóirithe cánach do chomhtháthú agus digitiú earnáil airgeadais an Aontais; agus cruinniú ag Feisirí le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Henna Virkkunen, maidir le ceannasacht dhigiteach agus cibearshlándáil....more2minPlay
February 28, 2025Blúiríní Nuachta – 28/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Déanfaidh na Feisirí iniúchadh ar straitéisí chun cur le tithíocht inbhuanaithe ar fud an Aontais; pléifidh an Coiste um um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh beartais an Aontais atá le teacht ar chosaint agus spás leis an gCoimisinéir Kubilius; agus is é Dé Luain Lá Domhanda an Fhiadhúlra....more2minPlay
February 27, 2025Blúiríní Nuachta – 27/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Vótálfaidh Coiste um Chearta na mBan Pharlaimint na hEorpa ar bhearta níos láidre chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac; pléifidh na Feisirí ganntanas cógas agus straitéis cúram sláinte; tabharfaidh ceannaire údaráis ghéarchéime bhainc an Aontais aghaidh ar cheisteanna na bhFeisirí....more2minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.