Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
October 20, 2015Clár 93 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Cóilín Duffy linn le labhairt faoin gCorn Domhan Rugbaí agus na cluichí a bhí ag Éirinn sna seachtainí beaga anuas. Chomh maith leis sin chulamar cúpla mír ó Sheisiún Eolais a bhí ag Coimisiún Fulbright na hÉireann le déanaí in oifigí Foras Na Gaeilge faoi na deiseanna atá ann do dhaoine le Gaeilge le Fulbright- píosa cainte a rinne an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD faoi chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus óráidí ó iarscoláirí Fulbright Síle Concannon, a mhúin Gaeilge in Montana agus Oisín Ó Doinn, a mhúin in Minnesota....more22minPlay
October 06, 2015Clár 92 - 2015 - Raidió na LifeChualamar ar an gclár seo ó Brian Ó Broin faoin scaoileadh gunna in Oregon na Stát Aontaithe, óráid Obama ina leith agus na cúiseanna a bhfuil na dlithe gunna mar atá sa tír, Chomh maith leis sin labhair Barra Ó Scannláin linn atá ag déanamh bliana Erasmus i Lyon na Fraince faoi láthair faoin méid atá ar siúl aige thall....more30minPlay
September 22, 2015Clár 91 - 2015 - Raidió na LifeLabhair Brian Ó Conchubhair linn ar an gclár seo faoi dhámhachtainí Fulbright atá ar fáil sa teicneolaíocht foghlama teangan in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin labhraíomar le Dan McDonald atá ag eagrú díolachán ealaíne do na teifigh in Calais agus sa tSiria a bheas ar siúl ar an 30 Meán Fómhair sa Workman's Club i mBAC agus bhí Siún Ní Cheallaigh ag labhairt faoin ngrúpa de mhúinteoirí tíreolais atá tar éis teacht le chéile chun acmhainní a roinnt agus cothromas a lorg mar mhúinteoirí Gaelscoile tíreolais....more32minPlay
September 15, 2015Clár 90 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár chualamar ó Mhairéad Nic Giolla Mhichíl faoin scoláireacht Fulbright TechImpact atá á déanamh aici in Ollscoil Notre Dame agus ó Shorcha Batchelor i dTeicseas faoina seal le hOideas Gael sa samhradh....more23minPlay
September 01, 2015Clár 89 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair mè le Matthew Holmberg a mhúin Gaeilge in Ollscoil Harvard i Massachusetts ar feadh roinnt blianta agus a chaith sealanna i nGaeltacht na hÉireann thar na blianta faoin múineadh agus faoina saol féin. Chomh maith leis sin bhí Seán Ó Baoill beo linn le labhairt faoi phíosa a rinne sé do meoneile.ie le déanaí faoin leon Cecil a maraíodh i mí Lúnasa agus faoi chearta agus leas ainmhithe....more26minPlay
August 25, 2015Clár 88 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár seo, chualamar ó Karen Reshkin thall in Illinois faoi 'Na Gaeil' in Chicago a mbíonn sí ag múineadh Gaeilge leo agus eile agus ó Laura Ní Chathasaigh i gCuáit a labhair lenár dtuairisceoir Dylan Mac Réamoinn....more28minPlay
August 11, 2015Clár 87 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Chris Herron i Vancouver faoina saol ansin agus faoin spéis ar chuir sé sa Ghaeilge agus é ar chuairt in Éirinn 3 bliana ó shin. Chomh maith leis sin chualamar ó Natália Danzmann a bhog go hÉirinn ón mBrasaíl ag tús na bliana faoin méid atá déanta aici go dtí seo-ó fhíseáin le Coláiste Lurgan go ComicCon!...more24minPlay
July 28, 2015Clár 86 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Caitríona Weafer aka. An Croí Ait linn faoin gcúrsa Gaeilge in Hollywood ar eagraigh sí féin agus daoine eile i gCathair na n-Aingeal, agus a bheas ar siúl ó mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. Chualamar freisin faoin gcéad scannán Gaeilge a rinneadh, 'Oidhche Sheanchais' ó Bhrian Ó Catháin ó Ollscoil Mhaigh Nuad. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh blianta go dtí gur thángthas ar chóip de in Ollscoil Harvard in 2012....more27minPlay
July 21, 2015Clár 85 - 2015 - Raidió na LifeAr an gclar seo labhair me le Síne Nic An Ailí faoin mbliain a bhí aici i Missoula, Montana ar scoláireacht Fulbright agus ansin labhair Eoin Ó Catháin linn faoin ionsaí buama a rinneadh sa Túirc inné inar maraíodh 30 gníomhaithe óga agus faoi chás na n-inimirceach san Eoraip i láthair na hEorpa....more28minPlay
July 14, 2015Clár 84 - 2015 - Raidió na LifeAr an 84ú clár, labhraíomar le Aisling Ní Shírínn faoin mbliain iontach a chaith sí ar scéim ICUF i dTorontó anuraidh agus faoi na deiseanna iontacha a thug sí di. Chomh maith leis sin labhair Cóilín Ó Dubthaigh linn faoi Wimbledon 2015 agus cúpla gné spéisiúil a sheas amach faoin gcomórtas i mbliana....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.