GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

By Parlaimint na hEorpaNews
Download on the App Store

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr episodes

  • I dtreo ‘cór gníomhaíochta aeráide’ don aos óg san Eoraip

    Is mian le beirt as gach triúr ógánach san Eoraip cur leis an aistriú glas ina bpoist. Níl na scileanna glasa ag 45% d’Eorpaigh óga chun é sin a dhéanamh, áfach. Ba cheart go mbeadh na scileanna agus an t-eolas ábhartha ag an aos óg chun gníomhú ar son na haeráide. Is é a bheadh i scéim ‘cathracha glasa Erasmus’ ná obair dheonach agus cúrsaí oiliúna íoctha a sholáthar do dhaoine óga i dtionscadail ghlasa áitiúla.

    8 min
  • Deireadh a chur le heipidéim VEID faoi 2030
    Sna 1980idí, ba víreas marfach é VEID. Anois, is fadhb shláinte é ar féidir déileáil léi, a bhuí le dul chun cinn domhanda sa chóireáil agus sa chosc. Ionfhabhtaíodh níos mó ná 88 milliún duine ar fud an domhain agus cailleadh 42 mhilliún duine go dtí seo. Faoi láthair, tá thart ar 40 milliún duine ag maireachtáil le VEID, agus meastar go gcónaíonn 810 000 díobh san Aontas. Cé go n-eagraítear córais sláinte ar bhonn náisiúnta, tacaíonn an tAontas le cláir thrasteorann, maoiníonn sé taighde tríd an gclár Fís Eorpach, agus tacaíonn sé le feachtais sláinte poiblí. Tá an tAontas tiomanta freisin do spriocanna ‘95-95-95’ UNAIDS: faoi 2025, ba cheart go mbeadh a stádas ar eolas ag 95% de dhaoine a bhfuil VEID orthu, ba cheart go mbeadh 95% de na daoine sin ag fáil cóireála agus ba cheart go mbeadh an víreas sochta i 95% díobh siúd atá ag fáil cóireála. San eagrán seo de ‘Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr’, táimid ag féachaint ar ról riachtanach an Aontais ó thaobh VEID a chosc, an stiogma a chomhrac agus feabhas a chur ar bheatha daoine ar fud na mBallstát. An aidhm atá ann ná todhchaí atá saor ó VEID a bhaint amach faoi 2030.
    7 min
  • An Creat Airgeadais Ilbhliantúil

    Go bunúsach, is é an creat airgeadais ilbhliantúil plean buiséadach fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Socraíonn sé tosaíochtaí agus teorainneacha caiteachais an Aontais do thréimhsí a mhaireann roinnt blianta, chun a chinntiú go bhfuil acmhainní airgeadais an Aontais de réir a spriocanna polaitiúla agus eacnamaíocha. Leagann an creat airgeadais ilbhliantúil amach an struchtúr do bhuiséid bhliantúla agus cabhraíonn sé le leasanna iomaíocha na mBallstát a chothromú.

    Leithdháiltear acmhainní airgeadais thar réimsí éagsúla, maoiniú do réigiúin bheagfhorbartha, fóirdheontais agus forbairt tuaithe, cabhair dhaonnúil agus infheistíochtaí sna haistrithe glasa agus digiteacha, agus i mbeartas eachtrach an Aontais ina measc.

    7 min
  • Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte
    Tá meabhairshláinte láidir agus folláine ríthábhachtach do chách chun saol ceart a chaitheamh, chun barr a gcumais a bhaint amach, chun cur go gníomhach lena bpobail agus chun dul i ngleic le strus agus dúshláin. Déanann an tAontas Eorpach a dhícheall a chinntiú nach bhfágtar aon duine ar lár agus go mbíonn rochtain chomhionann ag daoine ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais. Tá i bhfad níos mó fós le déanamh, áfach, chun cabhrú le cách an caighdeán meabhairshláinte agus folláine is fearr is féidir a bhaint amach.
    9 min
  • I dtaobh straitéis Eorpach do dhaoine scothaosta
    Tá athrú déimeagrafach ag teacht ar an Eoraip nach raibh ann riamh cheana. Faoi 2050, beidh beagnach trian de dhaonra an Aontais os cionn 65 bliana d’aois. Rachaidh daonra an Aontais atá ag aosú i bhfeidhm ar réimsí éagsúla: cúram sláinte, leas sóisialta, margadh an tsaothair agus an geilleagar. Díríonn beartais an Aontais do dhaoine scothaosta ar roinnt príomhréimsí: aosú gníomhach, cuimsiú sóisialta, cúram sláinte agus fadtéarmach, agus slándáil airgeadais. Tá gá ag an Aontas anois le straitéis chuimsitheach do dhaoine scothaosta.
    8 min
  • An tslí a dtacaíonn an tAontas leis an turasóireacht ar fud na hEorpa
    Tá an turasóireacht ar na tionscail is beomhaire san Aontas Eorpach: tugann sí daoine le chéile, cuireann sí an tuiscint chultúrtha chun cinn agus cothaíonn sí fás eacnamaíoch. Conas a thacaíonn an tAontas leis an turasóireacht, conas a fheabhsaíonn sé í agus conas a chinntíonn sé go mbíonn taisteal níos inbhuanaithe, níos inrochtana agus níos tairbhiúla do chách?
    7 min
  • Fís Eorpach: Ar thús nuálaíochta a bhuí leis an taighde san Aontas Eorpach
    Tá an clár Fís Eorpach ar an gclár taighde agus nuálaíochta is mó san Aontas Eorpach, agus tá buiséad EUR 95.5 bhilliún aige don tréimhse 2021-2027. Ní clár cistiúcháin, agus é sin amháin, é: is léiriú é ar thiomantas an Aontais i leith sármhaitheas eolaíochta a chur chun cinn, i leith nuálaíocht a chothú agus i leith dul i ngleic le dúshláin shochaíocha i dtíortha an Aontais. Tríd an gclár uaillmhianach seo, tacaítear le taighdeoirí, gnólachtaí agus lucht ceaptha beartas i ndáil leis an Eoraip a chur chun cinn mar cheannaire domhanda sa taighde agus sa nuálaíocht.
    9 min
  • Ag bogadh i dtreo soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe
    Is imeacht bliantúil í an tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht a bhíonn ar siúl ón 16 go dtí an 22 Meán Fómhair. Is é is aidhm don tseachtain sin sláinte phoiblí agus caighdeán na beatha a fheabhsú trí shoghluaisteacht ghlan agus iompar uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn. An téama atá ann do 2024 ná ‘Spás Poiblí Comhroinnte’. Bíonn an-tairbhe don tsochaí ag roinnt le spás poiblí comhroinnte. Is áit é ina mbíonn a spás féin ag daoine, modhanna iompair agus gníomhaíochtaí. As sin, tagann níos mó cothromas sóisialta, níos mó sábháilteachta ar bhóithre, níos lú truailliú torainn agus aeir, agus caighdeán saoil níos fearr.
    8 min
  • Cad é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS?

    Is uirlis é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS, a úsáidtear i Limistéar Eorpach an Ardoideachais chun cúrsaí staidéir agus oideachais a dhéanamh níos trédhearcaí. Le ECTS, bíonn sé níos fusa cáilíochtaí a aithint ar fud na hEorpa agus bíonn mic léinn in ann gluaiseacht idir tíortha.

    6 min
  • Ar thóir uisce glan: straitéis an Aontais chun sláinte an uisce a athbhunú

    Is rud ríthábhachtach don bheatha é an t-uisce. Coimeádann sé ár n-éiceachórais ag imeacht, is bonn taca don talmhaíocht é agus is rud an-tábhachtach é don chine daonna agus dár riachtanais is bunúsaí. Is dúshlán suntasach domhanda é truailliú an uisce fós. Tá ábhair thruaillithe amhail dramhaíl thionsclaíoch, fuíolluisce talmhaíochta agus truailliú plaisteach ag díghrádú ár limistéar uisce, rud is cúis le fadhbanna móra éiceolaíocha agus sláinte. Éist leis an bpodchraoladh seo chun tuiscint a fháil ar an gcúis a bhfuil tábhacht le feachtas #WaterWiseEU do thodhchaí ár bpláinéid agus ar na nithe a dhéanann an tAontas chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

    5 min

About GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

From the publisher's feed

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe

Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag…