GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

By Parlaimint na hEorpaNews
Download on the App Store

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr episodes

  • An Cárta Míchumais Eorpach

    Tá an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach dírithe ar dhul i ngleic leis na constaicí a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal san Aontas lasmuigh dá dtír féin. Tá na cártaí seo deartha chun cruthúnas aitheanta ar a stádas míchumais a sholáthar do shealbhóirí, agus déanann na cártaí seo rochtain ar sheirbhísí a chuíchóiriú, saorghluaiseacht a chur chun cinn agus tacú le cearta comhionanna san Aontas.

    7 min
  • Cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    Ó chuir an Rúis tús le lán-ionradh neamhdhleathach ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, tá an tAontas tar éis tacú le Cív trí cháineadh a dhéanamh ar ionsaitheacht na Rúise, smachtbhannaí a ghearradh ar na daoine atá freagrach as an gcogadh agus tacaíocht airgeadais agus nithiúil a thabhairt don tír.

    9 min
  • Ná glacaimis le ciorrú ball giniúna ban

    Sa téarma ‘ciorrú ball giniúna ban’, áirítear gach gnáthamh a athraíonn baill ghiniúna ban nó a dhéanann dochar dóibh d’aon ghnó ar chúis nach mbaineann le cúrsaí leighis. Déantar é ar chúiseanna cultúrtha, reiligiúnacha agus uaireanta ar chúiseanna sóisialta, ach níl aon tairbhe ag baint leis don tsláinte. Ní hamháin sin, ach is féidir leis éifeachtaí tromchúiseacha láithreacha agus fadtéarmacha a bheith aige ar an tsláinte agus ar an bhfolláine. Cad atá á dhéanamh le deireadh a chur leis an nós seo.

    7 min
  • Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

    Is í an ailse an dara cúis bháis is mó san Aontas tar éis galair chardashoithíocha. Gach bliain, faightear amach go bhfuil an galar sin ar nach mór 3 mhilliún duine, agus cailltear 1.2 milliún duine dá bharr. Cé gurb iad Ballstáit an Aontais atá freagrach go príomha as beartais sláinte, tá an comhrac i gcoinne na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

    6 min
  • An tOideachas a chur chun cinn: ag fiosrú thionscnaimh soghluaisteachta foghlama an Aontais

    Tá an tAontas tiomanta d’fheabhas leanúnach a chur ar dheiseanna foghlama agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oideachais. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm do thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) córas oideachais níos idirnasctha a chruthú. I measc phríomhspriocanna LEO tá feabhas a chur ar chomhar agus ar shoghluaisteacht san oideachas agus córais oideachais ionchuimsitheacha a thógáil. Ceann de na rudaí is mó a bhfuil béim á cur orthu ná deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht foghlama do mhic léinn agus d’oideoirí.

    7 min
  • An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)

    I gcomhthéacs an ráis chun ceannas domhanda sa teicneolaíocht a bhaint amach, sheol an tAontas straitéis in 2020 chun a thionscal a neartú. As an straitéis sin, d’eascair togra le haghaidh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais shuntasacha infheistíochta. Le STEP, dhéanfaí cistí de chuid an Aontais atá ann cheana a ghiaráil agus is é is aidhm dó an tAontas a dhéanamh níos nuálaí, níos inbhuanaithe agus níos neamhthuilleamaíche. Is é seo an chéad chéim i dtreo Ciste Ceannasachta Eorpach, a mbeidh sé mar aidhm leis cumais thionsclaíocha a neartú a thuilleadh.

    7 min
  • Conas a thacaíonn an tAontas leis an gcultúr

    Cabhraíonn Parlaimint na hEorpa leis na hearnálacha cultúrtha agus closamhairc tré chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Le buiséad EUR 2.5 billiún do 2021-2027, infheistíonn an tAontas Eorpach i gceol beo, i leabhair, in ailtireacht, i scannáin agus in asraonta nuachta. Cuidíonn an clár leis chun an éagothroime inscne a chomhrac sna tionscail chultúrtha agus cuireann sé luachanna agus oidhreacht Eorpach chun cinn. Tá sé roinnte i dtrí shraith: Cultúr, na Meáin agus Trasearnáil, chun díriú níos fearr ar ghnéithe gach earnála.

    7 min
  • I dtreo rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic leis an dramhaíl ó phacáistíocht atá ag dul i méid go mór

    Ó gheilleagair chiorclacha go spriocanna athchúrsála, san eagrán seo, beimid ag labhairt faoin Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht agus faoi sheasamh na Parlaiminte ar na rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic le méid na dramhaíola atá ag dul i méid de shíor. Tá na rialacha nua ceaptha athúsáid agus athchúrsáil pacáistíochta a dhéanamh níos éasca, pacáistíocht gan ghá agus an dramhaíl a eascraíonn aisti a laghdú, agus úsáid ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht a chur chun cinn.

    8 min

About GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

From the publisher's feed

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe

Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag…