
Sign up to save your podcasts
Or


Mar fhreagairt ar bhagairtí méadaitheacha ar shaoirse na meán agus ar inmharthanacht airgeadais na meán, ghlac an Pharlaimint creat coiteann do sheirbhísí meán, ar a dtugtar an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Is garsprioc fíor é, toisc go gcosnaíonn an Gníomh iriseoirí agus oibrithe na meán, spreagann sé trédhearcacht in úinéireacht na meán agus cuireann sé comhar idirnáisiúnta chun cinn chun tírdhreach na meán atá éagsúil agus neamhspleách a chinntiú.
San eagrán seo de ‘Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr’, beimid ag caint faoi na slite éagsúla a n-úsáidtear dróin i réimse an leighis agus na bearta atá á nglacadh ag an Aontas Eorpach chun rialáil a dhéanamh orthu.
Tá laghdú ag teacht ar tháirgeadh fionnaidh le blianta beaga anuas. Na cúiseanna leis sin ná feasacht níos mó ar leas ainmhithe, ábhair imní faoina thionchar ar an gcomhshaol agus an baol don tsláinte a bhaineann leis sin. Tá sé mar aidhm leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Eoraip atá Saor ó Fhionnadh’ cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh agus díol táirgí fionnaidh ar fud an Aontais. Bhailigh eagraithe an tionscnaimh níos mó ná 1.5 milliún síniú chun tacú lena n-éilimh. Ba léiriú é sin freisin ar an tslí inar féidir le saoránaigh an Aontais páirt ghníomhach a bheith acu i gceapadh beartais an Aontais.
From the publisher's feed
Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe
Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag…
Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile.
Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.