
Sign up to save your podcasts
Or


Bímid go léir ag brath ar an aigéan chun maireachtáil. Ach déanann formhór dínn talamh slán de agus dearmadaimid go minic go dtugann sé an bia a ithimid agus go leor den ocsaigin a análaimid dúinn.
Mar sin féin, go dtí seo, is beag rialú a rinneadh ar an aigéan agus níor cosnaíodh an bhithéagsúlacht mhuirí atá ann. Mar gheall air sin, éascaíodh cleachtais neamh-inbhuanaithe, iascaireacht neamhdhleathach, truailliú agus caillteanas gnáthóg muirí.
Tá sé mar aidhm ag an Aontas iarrachtaí comhchoiteanna chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin a neartú.
Is é is aidhm don sábháilteacht bia ná ardleibhéal cosanta a chinntiú do shláinte agus beatha an duine. Clúdaítear roinnt gnéithe ann, sláinteachas bia, lipéadú, pacáistiú agus inrianaitheacht táirgí ina measc. Gach bliain, éiríonn 600 milliún duine tinn le 200 cineál tinnis ar féidir iad a tharchur trí bhia.
Déanann an tAontas Eorpach iarracht na tinnis seo a chosc le cuid de na caighdeáin sábháilteachta bia is airde ar domhan.
An cúigiú lá de Mheithimh, déanaimid ceiliúradh ar Lá Domhanda an Chomhshaoil. Le caoga bliain, tá sé ar cheann de na hardáin domhanda is mó i dtaobh an chomhshaoil. Gach bliain, bíonn na mílte duine, rialtais, cuideachtaí, cathracha agus eagraíochtaí pobail páirteach ann. In 2024, tionólann an Araib Shádach an fócas ar athchóiriú talún, fairsingiú fásaigh agus athléimneacht triomach faoi #GenerationRestoration.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag gach aon duine maireachtáil mar is mian leo féin agus grá a thabhairt dá rogha daoine gan aon eagla.
Ach déantar idirdhealú ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha fós i gceantair éagsúla ar domhan, agus san Eoraip chomh maith.
Caitheann an tAontas an-dúthracht leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe. Éist leis seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin tslí a bhfuil an tAontas ag iarraidh sochaí níos cuimsithí a fhorbairt ina mbraitheann gach duine sábháilte.
Tá an tAontas ar cheann de na réigiúin ina bhfuil an líon is mó foraoisí ar domhan: tá timpeall 40% dá thailte clúdaithe le foraoisí. Tá foraoisí ríthábhachtach dár sláinte agus folláine, agus do shláinte an phláinéid. Tá saibhreas bithéagsúlachta iontu agus tá an-tábhacht leo sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is eol don Aontas a thábhachtaí atá ról na bhforaoisí dár dtodhchaí. Is é sin an fáth gur glacadh an Straitéis Foraoiseachta nua do 2030 in 2021.
Déantar Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh gach bliain an 8 Márta chun a bhfuil bainte amach ag mná a aithint agus chun aird a tharraingt ar chearta na mban. Is deis í an ócáid chun feasacht a mhúscailt faoi cheisteanna amhail comhionannas inscne, cearta atáirgthe, agus an comhrac i gcoinne an fhoréigin agus mhí-úsáid na mban. Ba chroíluach agus croíchuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh i gcónaí é comhionannas idir mná agus fir, ach níor baineadh amach an sprioc sin go hiomlán fós.
From the publisher's feed
Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe
Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag…
Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile.
Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.